Faoi láthair tá an tseamróg, nó an tseamair bhuí, trifolium dubium, faoi bhláth, ag fás aníos tríd an bhféar agus i measc plandaí eile. Is beag atá an bláth uirthi, ach ní deacair é a fheiceáil mar gheall ar a dhath buí. Is bláth ar leith gach peiteal ann. Tá seamair choitianta eile faoi bhláth ag an am seo freisin, ach í níos mó agus bán (trifolium repens) agus beidh ceann eile le bláth dearg agus corcra uirthi (trifolium pretense) chugainn go luath.
Is de réir suirbhé a rinne Nathaniel Colgan in 1893 agus ceann eile a rinne E. Charles Nelson in 1988, measann an chuid is mó daoine gurb í an tseamair bhuí, trifolium dubium, a mbíonn bláth buí uirthi, an fhíorsheamróg.
Ach conas a thárla go ndearna siombail náisiúnta di? Is léir gur finscéal é gur úsáid Naomh Pádraig í chun Tríonóid na Críostaíochta a theagasc. Níor fhág Pádraig aon tagairt di ina scríbhinní féin, agus níl an scéal le fáil roimh an seachtú céad. Ach níos tábhachtaí fós is ea an fhíric go raibh tríonóidí ag na Gaeil agus na Ceiltigh eile ina seanchreidimh phágánacha, agus nár ghá an coincheap a mhíniú le planda trídhuilleogach.
Is cosúil gur sliocht na ngall a chuir an tseamróg chun cinn mar shiombail Éireannach agus b’fhéidir go raibh ciall réabhlóideach aici do phoblachtóirí, siombail den aontacht idir Caitlicigh, Anglacánaigh agus easaontóirí Protastúnacha. B’in an úsáid a bhain an tÉireannach Aontaithe John Sheil aisti i nDún Dealgan nuair a chum na línte seo tamall beag roimh Éirí Amach 1798:
…an planda trí dhuille
…amharc fós chuige, agus fós athbhreathnaigh é.
Ná lig d’aon duine é chur faoi chois – a thrí in aon
Chun a aontacht a léiriú sa phobal sin
A chloíonn go caoin le cearta an duine
(aistriúchán ar bhunleagan Béarla)
Is cosúil gurb iad na hÉireannaigh Aontaithe freisin a roghnaigh an dath glas mar dhath náisiúnta na hÉireann agus is dócha gur shlí ‘neamhurchóideach’ ba ea freisin dos seamróige a chaitheamh i mí an Mhárta mar ómós don naomh náisiúnta,ach ag an am céanna an dath náisiúnta a chaitheamh.
In a dhiaidh sin bhain na Fíníní úsáid as íomhá na seamróige, go rímhinic mar mhaisiúchán ar bhileoga agus leathanaigh nuachtáin, lena n-áirítear ar phortráid de Mhairtírigh Mhanchain, Larkin, Allen agus O’Brien.
Ó shin amach tá tagairt don tseamróg i neart amhrán Éireannach, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le himirce agus náisiúnachas.
Is léagúm í an tseamróg, sé sin le rá go mbaineann sí le grúpa de phlandaí a bhfuil sé ar a gcumas nítrigin a shú ón aer agus é a bhailliú timpeall a bpréamhacha. Tá sin an-áisiúil do phlandaí eile a bhfuil an an nítrigin chéanna ag teastáil uathu, mar shampla féar agus arbhar. Gné eile den ghrúpa plandaí seo is ea gur dual dá mbláthanna athrú go faigneoga agus gurb ann a chothaítar na síolta go dtí go n-aibíonn siad. Faighneoga pléascacha atá ag an aitinn ach feicimid faighneoga níos ciúine ag piseanna, pónairí agus peasairí. Iompófar bláthanna na seamróige i bhfaighneoga freisin ach beidh siad bídeach.
In ainneoin an mhiotais nach bhfásann an tseamróg thar lear, tá sí ar fáil ar fud na hEorpa, agus rinneadh í a athphlandáil in áiteanna ar leith.
Bíodh siad eolach nó aineolach ar a cúlra staire nó luibheolaíoch, beidh an tseamróg á caitheamh ag neart daoine ar fud an domhain i mí an Mhárta, agus beidh sí á húsáid mar shiombail chun dáimh le hÉirinn a chur in iúl am ar bith i rith na bliana.