An dtig le Clann Mhac Uí Dhomhnaill Ghaoth Dobhair a gcraobh a chosaint i seachtú Dúshlán na dTrí Oileán?

Cóilín Duffy

Tá an rás currach is corraithí in Éirinn ar ais — agus beidh súil an bhig is an mhóir ar na Sceirí an 28 agus 29 Meitheamh do sheachtú Dúshlán Bliantúil na dTrí Oileán,  taispeántas den scoth den rásaíocht bád thraidisiúnta agus d’oidhreacht chladaigh. Leis na hoileáin áille Inis Colt, Inis Pádraig agus Oileán Sionnaigh mar chúlra fíorálainn, beidh an Trá Theas sna Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath, mar ionad arís eile don cheiliúradh muirí uathúil seo, agus is é an cheist mhór i mbéal gach uile dhuine, an féidir le clann mhac Uí Dhomhnaill é a dhéanamh arís? 

Rinne Simon, Rónán agus Micheál Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair, staic den slua anuraidh nuair a rug siad bua caithréimeach, ag breith leo arís an chraobh a fuair siad de chéaduair in 2021. Lena gcomhoibriú gan cháim agus a neart rábach is iad an fhoireann le cloí, agus le dúshlán ón Chlár, Corcaigh, an Dún, Maigh Eo agus na Stáit Aontaithe fiú tá an iomaíocht níos géire ná riamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.