33 duine ag fáil fáinne Gaeilge i searmanas stairiúil i Learpholl

Cóilín Duffy

Bronnadh an fáinne Gaeilge ar 33 duine i Learpholl agus an Wirral i searmanas speisialta a reáchtáladh i gClub Éireannach Learpholl, an líon is mó sa Bhreatain, de réir tuairiscí, riamh ag ócáid amháin de chuid Chonradh na Gaeilge.

Ba é Consal Ginearálta na hÉireann i Manchain, Sarah Mangan, agus Leas-Ambasadóir na hÉireann, Orla McBreen, a bhronn na gradaim. Is é seo an chéad uair le cuimhne na ndaoine a bhfuil líon chomh mór sin tar éis an fáinne a bhaint amach trí chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge sa Bhreatain.

Fuair triúr acu an Fáinne Óir: Morgan Ó Riada as Béal Feirste, mac léinn Léann Gaeilge in Ollscoil Learphoill; Clár Ní Dhuibhne, múinteoir as Dún na nGall; agus Daryl Ó Fícheallaigh, forbróir bogearraí ó Mhaigh Eo, a bhfuil a chomhlacht féin aige.

Mhínigh Padraig Clancy, rúnaí Chonradh na Gaeilge i Learpholl, do An Páipéar go bhfuil an-chuid athruithe tagtha ar an ngrúpa a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge le cúpla bliain anuas.

“Nuair a thosaigh mé ceithre bliana ó shin, ní raibh ach cúigear nó seisear ag teacht go rialta. Ach anois tá mé ag feiceáil daoine óga gan aon cheangal le hÉirinn ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim,daoine óga, scabhtaí, daltaí ollscoile, agus tá mé cinnte go bhfuil tionchar ag Kneecap ar an infheictheacht atá ag an teanga,” a dúirt sé.

“Ní gá duit a bheith i d’Éireannach nó fiú ceangal a bheith agat leis an oileán. Tá daoine ann a thagann ar chúis amháin, grá don fhoghlaim, spéis sa chultúr.”

Ceann de na daoine a bhí i gceannas ar an oideachas le blianta ná Shirley McDermott, múinteoir a tháinig ó Surrey i Sasana, ach a thug faoi fhoghlaim na Gaeilge go spraíúil ar dtús.

“D’fhoghlaim mé é mar chaitheamh aimsire,” a dúirt sí le An Páipéar. “Nuair a fuair Tony Birtill bás cúig bliana ó shin, thairg mé ranganna a thabhairt. Tá mé i m’ochtódaí anois agus tá mo chuimhne ag laghdú, ach tá múinteoirí nua den scoth tagtha chugainn, Kevin Cuddy agus Caoimhe Withers. Tá obair iontach déanta ag Danny chomh maith.”

Dúirt sí gur fhoghlaim sí an Bhreatnais agus í sa Bhreatain Bheag breis is 50 bliain ó shin, agus gur chuir sí spéis sna teangacha i gcónaí.

“Rinne mé maistreacht sa Léann Éireannach freisin agus is breá liom léamh, teangacha agus stair.”

Dar léi, tá borradh as cuimse faoin nGaeilge i Learpholl faoi láthair.

“Tá spéis ag an óige sa teanga, go háirithe iad siúd ó Chúige Uladh atá ag freastal ar ollscoileanna anseo, agus suim ag daoine i gcúrsaí cosúil le Kneecap. Tá na glúine níos sine ag filleadh ar an teanga chomh maith.”

Is léir go bhfuil borradh cultúrtha ag tarlú i Learpholl, agus tá ról lárnach ag an nGaeilge mar chroílár an athréimnithe seo.


Fáinne Óir
Morgan Ó Riada
Clár Ní Dhuibhne
Daryl Ó Fícheallaigh

Fáinne Airgid
Pól Ó Lochrain
Iósua Ó Caidhn
Micheál Ó Caoimh
Daithí Mac Diarmada
Seamus Mac Daibhéíd
Gearóidín Uí Mhuireasa
Stíobhard Mac Conmhaoil
Bairbre Nic Daibhéid
Rúibí Nic Daibhéid
Máire De Bharún
Conchubhar Ó Donnghaile
Ruan Bradbury
Adam Ó’Raghallaigh
Caoimhe Ní Chianáin

Cúpla Focal
Proinsias Ó Gallchobhair
Diarmuid Fionn
Brian Gibbs
Cíara De Barra
Laoise Uí Roibeaird
Peadar Mac an Rí
Caoimhín Ó Dáibhigh
Líle Jankauskaite
Tiomóid Kingham
Siúrtán Mac Proinsias
Peadar Ó Gormghaile
Heidi Henders
Séamus Battersby
Gréagóir Quiery
Micheál Ó Carthaigh
Iósaf Ó Carthaigh

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí Chonradh na Gaeilge i Learpholl le fail ar líne agus ar na meáin shoisealta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.