Cathal Ó Murchú
Déardaoin seo caite an 15 Bealtaine 2025 seoladh leabhar as Gaeilge i Leabharlann an Náis. Tháinig cuid mhaith de na Gaeil áitiúla amach chun tacú leis an saothar nua seo agus ina measc bhí Siobhain Grogan a rinne cathaoirleacht ar an ócáid agus bhí thart ar dhá scór duine i láthair. Tá an leabhar dar teideal Cath idir an Pobal agus an Murder Machine: Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 foilsithe ag an Dochtúir Kerron Ó Luain, saothar bunaithe ar stair na ghluaiseacht na Gaelscolaíochta le breis agus caoga bliain anuas agus an caidreamh leis an stát.

Bhí baill de Chill Dara le Gaeilge i láthair mar chuid dá gcúram i dtaobh tacú le himeachtaí Gaeilge sa chontae, chomh maith le múinteoirí agus scoláirí ó Ghaelcholáiste Chill Dara atá lonnaithe sa bhaile céanna. Labhair Siobhain Grogan faoin tábhacht a bhaineann leis an nasc idir an pobal agus gluaiseacht na Gaelscolaíochta. Ina dhiaidh sin labhair Kerron faoin gcaidreamh idir an ghluaiseacht seo agus an dá stát sa deisceart agus sa tuaisceart, rialtas agus státchóras maraon. Go bunúsach léirigh an dá stát naimhdeas don Ghaeilge agus don Ghaeloideachas agus is é seo ábhar a shaothair i ndáiríre. Tagraíonn an Murder Machine don chóras oideachais nuachoilíneach sa dá stát, díreach mar a thagair an Piarsach don Murder Machine céanna le linn a ré féin.
Beidh cúpla seoladh leabhar ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Doire, Béal Feirste agus eile. Tá an leabhar seo foilsithe ag Bradán Feasa faoi stiúir Dhomhnaill Mhic Concharraige, rannóg Gaeilge Iskra Books. Is féidir cóip den saothar seo a fháil ar chostas €25.