Na mílte le haghaidh a thabhairt ar Ghaeltacht Ghlas na Mí do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Den chead uair ó 1993 tá Comórtas Peile na Gaeltachta á ostáil i nGaeltacht na Mí an deireadh seachtaine seo agus 31 foireann ó Aontroim, an Mhí, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo agus Port Lairge ag glacadh páirte.

Beidh timpeall ar 800 imreoir ag glacadh páirte sna comortais éagsúla, agus cúig chorn le buachan, in gráid na sinsear, na sóisear agus agus na n-idirmheánach i bpeil na mban agus gráid na sinsear agus na sóisear i bpeil na bhfear.

Beidh cluiche ceannais idirmheánach na mban ar siúl Dé Domhnaigh, agus ceithre chluiche ceannais Dé Luain, cluichí ceannais sinsir agus sóisir na bhfear agus na mban.

Ar ndóigh is deireadh seachtaine mór cultúrtha atá ann chomh maith, agus ceann de na mórimeachtaí is ea an Cailín Gaelach a bheidh ar siúl oíche Dé Domhnaigh ag 9 san ollphubhall.


Chomh maith leis sin beidh go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn an chomórtais, ina measc cúinne ealaíne le Tuismitheoirí na Gaeltachta, damhsa seit agus ceardlann damhsa ar an sean-nós i Scoil Uí Ghramhnaigh.

Agus beidh scoth an cheoil gach oíche san ollphuball.

Ó thaobh na haimsire de tabhair scáth fearthainne leat mar faraor tá neart báistí gealta, ach beidh tréimhsí gréine ann ó ám go cheile chomh maith, mar sin beidh an t-uachtar gréine de dhíth chomh maith!

Ag tnúth le sárdheireadh seachtaine. Bain sult as agus ná déan dearmad go mbeidh clúdach cuimsitheach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar na méain shoisealta (X, Facebook, Instagram, Bluesky agus LinkedIn), chomh maith le forlionadh speisialta an tseachtain seo chugainn ag caitheamh súil siar ar imeachtaí uilig an deireadh seachtaine.

Feicfidh mé sibh ann!

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.