
Grianghraf: Wikipedia
D’fhreastail mac le Ian Paisley, an tUrramach Kyle Paisley, ar ócáid faoin nGaeilge a reáchtáil an tSaor-Eaglais Phreispitéireach le déanaí. Dúirt an tUrramach Paisley gur “bronntanas ó Dhia [iad teangacha, an Ghaeilge ina measc] chun cumarsáid a dhéanamh le daoine agus naisc a chruthú leo”. Reáchtáladh an ócáid dár teideal “Preispitéirigh agus an Ghaeilge” i dTeach Fhearann Sheáin i gContae Aontroma.
Mar sin, is fiú breathnú ar ré ina raibh Protastúnaigh go mór chun cinn in athbheochan na teanga i gCúige Uladh, is é sin na 1790í, an t-am a raibh Éireannaigh Aontaithe go mór chun cinn.
Léirigh rún a rith Cumann Léitheoireachta Bhéal Feirste in 1793 go raibh spéis ag Protastúnaigh sa Ghaeilge, óir impíodh ar bhaill an chumainn leabhair agus lámhscríbhinní Gaeilge a cheannach.
Thart faoin am seo bhí scoláire Gaeilge as Loch an Oileáin, Co. an Dúin, Pádraig Ó Loinsigh, ag múineadh in Acadamh Bhéal Feirste agus bhí duine de na hÉireannaigh Aontaithe ba mhó le rá, Thomas Russell, ina mhac léinn aige. Faoi 1800 bhí Ó Loinsigh ag déanamh trascríobh ar lámhscríbhínní i nDún Dealgan ar son Samuel Coulter, a bhí ina bhall de Chuallacht na bPreispitéireach ar an mbaile sin.
Bhí baint ag Samuel agus Andrew Bryson, athair agus mac, leis na hiarrachtaí céanna i nDún Dealgan. Bhí Andrew Bryson ina mhinistir i bpobal Preispitéireach Bhaile Mhic Scanláin, Co. an Lú, idir 1786 agus 1795. Maíonn Pádraig Ó Snodaigh go léiríonn saol na ndaoine seo an nasc idir an Ghaeilge a bheith “á caomhnú agus á hathbheochan”. Dúirt Earnán de Blaghd, a bhí de shliocht Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma, go raibh “sliocht na bPlandóirí á nGaelú go tiubh an uair úd”.
Gné thábhachtach eile den athbheochan ab ea bunú Chumann Cláirsí Bhéal Feirste in 1791, “chun ceol agus filíocht ársa na hÉireann a athbheochan agus leathadh”. Iarradh ar Andrew Bryson cabhrú leis na cruinnithe luatha i dtaca le cúrsaí Gaeilge de. Bhí rath maith ar an gcumann agus bunaíodh scata coistí sa cheantar chun dul i mbun oibre.
Bhí ballraíocht ag leithéidí Robert Bradshaw, Robert Simms, Hon. Miss de Courcey, Mrs. John Clarke, Miss Grant, Miss Bristow agus Mrs. Kennedy. Daoine eile a bhí chun cinn ná an Dr. James McDonnell, Protastúnach as Bun Abhann Dalla, Edward Bunting, Protastúnach as Ard Mhacha a áirítear i measc na gcéad mhórbhailitheoirí ceoil, agus na clanna Joy agus McCracken as Béal Feirste.
Léiríonn fógra faoi ranganna Gaeilge ón tréimhse an meon a bhí taobh thiar de na hiarrachtaí. Dúradh san fhógra go mbeadh sé “spéisiúil go háirithe dóibh siúd go léir a dteastaíonn uathu feabhsú agus Aontacht na ríochta seo a bhfuil fáillí déanta inti agus atá scoilte”. De bharr ár dtuisceana ar an teanga agus a bheith á labhairt d’fhéadfaimis ár smaointe agus treoracha a thabhairt dar gcomhthírigh ar bhealach níos éifeachtaí”.
Níos déanaí an bhliain chéanna, d’fhoilsigh The Northern Star, nuachtán de chuid na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste, Bolg an tSolair, iris 120 leathanach ina raibh comhráite, filíocht, aistriúcháin, paidreacha agus stór focal. Ba chun an Ghaeilge a shlánú ón “neamhaird” a bunaíodh an iris agus creideadh go mbeadh spéis ag Éireannaigh ar bith “a chreideann go bhfuil tábhacht ag baint lenár dtraidisiúin agus teanga agus gur fiú iad a fhiosrú”. Ba í Charlotte Brooke, Protastúnach as Co. an Chabháin, a bhailigh agus a d’aistrigh na dánta do Bolg an tSolair.
Níl ach achar beag blianta pléite agam thuas, mar sin is léir go bhfuil oidhreacht shaibhir ag Protastúnaigh i dtaobh na Gaeilge de, i gCúige Uladh san ochtú haois déag go háirithe.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona. Foilseofar a leabhar is déanaí ‘Cath idir an pobal agus an murder machine’: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 le Bradán Feasa i Mí Bealtaine.