Bhailigh slua mór daoine le chéile chun Plean Gaeilge Chaisleán an Bharraigh (2025-2032): Baile Seirbhíse Gaeltachta a sheoladh in Óstán an Ellison Dé hAoine seo caite.
Sheol Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, an Plean. Dar leis an Aire, “Nuair a thagann an Plean Gaeilge ó na daoine, is fearr an seans a bheidh ann go n-éireoidh leis”. Dúirt sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil an-suim ag muintir Chaisleán an Bharraigh agus muintir Mhaigh Eo sa Ghaeilge.
Labhair Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Niamh De Búrca, go láidir faoin éileamh atá ann chun Cultúrlann agus Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, faoin tábhacht a bhaineann leo agus faoi na haidhmeanna atá sa Phlean Gaeilge.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!