Ó Anfield go Ráth Chairn – Seachtain ghnóthach ag James Ó Flatharta

Cóilín Duffy

Beidh súil ag curaidh pheile shóisiir na hÉireann, an Cheathrú Rua, go mbeidh a gcúl báire James Ó Flatharta i mbarr a réime an deireadh seachtaine seo agus Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i Ráth Chairn. Ach an deireadh seachtaine seo is i bhfad ó pháirc na peile a bhí sé –  seachas sin bhí sé ag rópáil anuas ó dhíon Staid Anfield sular bhreathnaigh sé ar a fhoireann sacair tabhairt faoi Crystal Palace sa chluiche deireanach de shéasúr an Premier League.

Thaistil James, atá 29 bliain d’aois, lena athair go Sasana don ócáid, iad beirt an-phaiseanta faoi Learpholl, agus d’fhéach siad ar a bhfoireann ag ardú an choirn. Ach an lá roimhe sin, ghlac sé leis an dúshlán rópáil anuas ó cheann de na staidiaim is cáiliúla ar domhan – rud a rinne sé ní hamháin mar eachtra phearsanta, ach mar iarracht airgead a bhailiú do pháistí atá thíos leis an gcogadh i nGaza.

“Chonaic mé cúpla mí ó shin go raibh deis ag daoine rópáil anuas ó dhíon Anfield,” a dúirt sé le An Páipéar. “Tá Anfield anois mór agus nua-aimseartha. Nuair a bhí gach rud curtha in áirithe agam, shíl mé gur leithscéal maith a bhí ann chun airgead a bhailiú do chúis mhaith.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.