Cathal Ó Murchú
Tar éis tionól náisiúnta géarchéime a reáchtáil gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite, mar ar tháinig roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le chéile chun plé a dhéanamh ar réimse mór ceisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge, tá fógartha go mbeidh mórshiúl náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair seo chugainn. I measc na n-eagraíochtaí a chruinnigh ag an tionól bhí Conradh na Gaeilge, #TógRAIC, Tinteán, Dearg le Fearg agus grúpaí eile Gaeilge agus Gaeltachta.
Cuireadh in iúl ag an tionól go bhfuil géarchéimeanna maoinithe, tithíochta, Gaeltachta, oideachais agus teanga sa ar fud na tíre, sa dá dhlínse, a bhaineann leis an nGaeilge, agus go gcaithfear gníomhú ar na ceisteanna seo ar bhonn córasach uile-oileáin ón mbun aníos. Go bunúsach tá easpa infheistíochta curtha isteach in athbheochan na Gaeilge agus níl cúrsaí ag feabhsú.
Tá faillí á déanamh i gcur chun cinn na Gaeilge ar an dá thaobh den teorainn agus tá ag teip pleananna reatha a chur i gcrích, mar shampla an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2020-2030. Sa tuaisceart go háirithe tá naimhdeas lom á léiriú ag páirtithe polaitiúla aontachtach i gcoinne aon bheartais a chuireann an Ghaeilge chun cinn, fiú tionscnamh a eascraíonn óna bpobal féin. Maidir leis an stát ó dheas, léirítear an fhaillí chéanna i gcoinne na Gaeilge ach ní ar bhealach chomh hoscailte. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an naimhdeas frith-Ghaelach seo faoi cheilt ach is cinnte go bhfuil sé ann.
Cuimsíonn an agóid áirithe seo neart éilimh éagsúla: méadú ar an nGaeloideachas, stádas ceart don Ghaeilge sna sé chontae, stad a chur le bánú na Gaeltachta, tithíocht do phobail gur mhian leo saol a chaitheamh trí Ghaeilge, agus straitéis chuimsitheach do dhul chun cinn na teanga. I mbeagán focal, infheistíocht chothrom bhuan a bhaint amach don Ghaeilge agus do chultúr na nGael.
Bí ann agus bí dearg le fearg i mhí Mheán Fómhair seo chugainn.