
Grianghraf: RTÉ
Tá Mo Chara, Liam Óg Ó hAnnaidh, ón rapghrúpa Kneecap, cúisithe ag póilíní Londan as tacaíocht a léiriú do ghrúpa atá faoi chosc ag dlithe frithsceimhlitheoireachta Shasana.
Baineann an chúis le líomhain gur chuir Ó hAnnaidh bratach Hezbollah in airde ag coirm cheoil de chuid Kneecap i Londain i mí na Samhna seo caite.
Cé go bhfuil Hezbollah páirteach i rialtas na Liobáine, deir údaráis na Ríochta Aontaithe gur eagraíocht sceimhlitheoireachta é, agus is sárú ar dhlithe sceimhlitheoireachta an stáit sin tacaíocht a léiriú don eagraíocht.
Ar ndóigh bhí Hezbollah lárnach sa troid in aghaidh Iosrael ag iarraidh cuid den bhrú a bhaint ó na Palaistínigh in Gaza, ach rinneadh cáineadh géar ar Kneecap sa chaoi gur léirigh siad a dtacaíocht don phobal Palaistíneach, go háirithe sa Pháirtí Caomhach a d’éiligh iniúchadh oifigiúil póilíní ar an ngrúpa.