Cóilín Duffy
Bhí grúpa scannánóirí cumasacha ó Nemeton TV agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) ag obair go dian ar feadh na bliana ar a gcuid cláir faisnéise agus drámaí. Bhí an deis acu faoi dheireadh a gcuid scannán a roinnt le cairde, le teaghlach agus le réaltaí i bpictiúrlann Dhún Garbhán i bPort Láirge Dé Céadaoin seo caite.
Bhí réimse leathan clár le taispeáint ar an lá ar ábhair éagsúla, idir dhúlra, spóirt, dramaíocht, agus chláir faisnéise eile, a taifeadadh ar fud na tíre.
Ba iarimreoir iomána le hAontroim, agus fear a bhunaigh an comhlacht ACLAÍ i gCorcaigh agus sa Phalaistín, Ainle Ó Cairealláin, a léirigh an clár Iascairí na Rinne.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!