Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil soláthar caipitil suas go €273,300 ceadaithe chun foireann deartha a cheapadh le pleananna a réiteach d’fhorbairt ionaid fiontraíochta nua ag Baile na nGall Beag, Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht Phort Láirge.
Déanfar an t-ionad nua a fhorbairt ar shuíomh 4.5 acra de chuid an Údaráis agus cuirfidh sé spás nua-aimseartha ar fáil d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí i gceantar na Gaeltachta.
“Is céim ríthábhachtach é seo i bhforbairt eacnamaíoch Ghaeltacht Phort Láirge. Tabharfaidh an t-ionad nua seo deis do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide fás agus forbairt a dhéanamh i gcroílár na Gaeltachta,” a dúirt Dónal Ó Liatháin, Bainisteoir Réigiún an Deisceart, Údarás na Gaeltachta.
Is céim thábhachtach chun tosaigh é seo i bhforbairt eacnamaíoch an cheantair, agus léiríonn sé tiomantas leanúnach Údarás na Gaeltachta do chur chun cinn na fiontraíochta, na fostaíochta agus na Gaeilge sa réigiún.
Tá Conor D. McGuinness TD, urlabhraí Shinn Féin ar Ghnóthaí Tuaithe, Forbairt Pobail agus an Ghaeltacht, tar éis fáilte a chur roimh an bhfógra ó Údarás na Gaeltachta go mbeidh maoiniú á chur ar fáil chun foireann deartha a cheapadh d’Ionad Fiontraíochta nua i nGaeltacht na Rinne.
Dúirt an teachta, “Is céim dhearfach chun cinn í an infheistíocht seo ó Údarás na Gaeltachta. Tá tábhacht mhór leis an tacaíocht seo do chruthú post agus d’fhás eacnamaíoch i nGaeltacht na Rinne. Tá pobail Ghaeltachta mar seo lán d’acmhainn agus de chumhacht, agus ní mór tacú leo go leanúnach.
“Ba mhaith liom freisin Comhlucht Forbartha na nDéise a mholadh as an obair iontach atá déanta acu ag cur an tionscadail seo chun cinn. Bhí an deis agam féin obair a dhéanamh leis an eagraíocht seo mar Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht na nDéise, agus tá a fhios agam ón taithí phearsanta an díograis agus an tiomantas atá acu i leith fhorbairt agus athneartú a bpobail.”
Meastar go gcuirfidh an t-ionad nua deiseanna suntasacha ar fáil do ghnólachtaí áitiúla agus go gcothóidh sé nuálaíocht agus fiontraíocht sa Ghaeltacht.