Iarracht feallmharaithe ar Putin agus freagra na Rúise

Cathal Ó Murchú

Tar éis cuairt a thabhairt ar Chúige Kursk in iarthar na Rúise ar an 20 Bealtaine seo caite, áit in aici le teorainn na hÚcráine agus, dá bhrí sin, an cogadh, d’fhill Uachtarán na Rúise ar ais go Moscó ar heileacaptar. Le linn an turais a ais tháinig a chonbhua taistil faoi ionsaí ó sháithe drón. Tháinig sé slán as agus d’fhill sé agus a chuideachta ar ais chuig ardchathair na tíre. Ní fhéadfadh ionsaí den chineál seo tarlú gan rúnfhaisnéis den scoth os rud é go mbeadh sonraí den chineál seo turais ag Uachtarán na Rúise chuig láthair i gcóngar ceantar cogaíochta go mór faoi dhianrún.  An é go raibh rúnfhaisnéis den scoth ag na hÚcránaigh nó an bhfuair siad an rúnfhaisnéis ón Iarthar, rud atá thar a bheith tromchúiseach más féidir a leithéid a chruthú?

Pé scéal é, is mar gheall air seo a thug an Rúis faoi ionsaí fíochmhar ón aer ar chathracha agus láithreacha míleata na hÚcráine ag an deireadh seachtaine seo caite, an spéirionsaí is fíochmhaire sa chogadh go dtí seo. Scriosadh go tubaisteach Aerbhunáit Antonov lasmuigh de Chathair Chív, ceann de na hionaid is mó a dtagann cúnamh míleata isteach ón Iarthar chuige. Deirtear gur maraíodh breis is fiche sibhialtach san ionsaí seo. Chuir seo uafás agus alltacht ar thráchtairí agus polaiteoirí an Iarthair. Ach ní fhacthas a leath ná a thrian den uafás ná alltacht chéanna maidir le slad agus ár Iosrael ar mhuintir Gaza, le harmlón, uirlisí agus gléasanna a chuireann Meiriceá agus an Eoraip ar fáil, ar ndóigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.