
Bhaile Átha Cliath ag seoladh Lá Mór na Gaeilge 2025 i Margadh na Feirme
Grianghraf: Sam Maxwell
Fillfidh an fhéile Ghaeilge is mó i mBaile Átha Cliath, Lá Mór na Gaeilge, ar Chearnóg Mhargadh na Feirme Dé Domhnaigh an 11 Bealtaine, ó 12 meán lae go 5 pm, le lá lán de cheol, cultúr agus spraoi don phobal, agus tá saorchead isteach ar gach imeacht.
Eagraithe ag BÁC le Gaeilge i bpáirt leis an gComhairle Cathrach, agus le tacaíocht ó Tesco, Conradh na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta, tá an ócáid ag dul ó neart go neart agus é ag ceiliúradh “An Chéad Ghlúin Eile” i mbliana, téama a chuireann béim ar chruthaitheacht agus rannpháirtíocht na hóige.
Dúirt an Comhairleoir Clódagh Ní Mhuirí, ag labhairt thar ceann an ardmhéara, “Lá speisialta is ea Lá Mór na Gaeilge, léirítear gur le gach duine í an Ghaeilge, beag beann ar a líofacht. Tá atmaisféar spleodrach le bheith ag súil leis i gcroílár na cathrach.”
Dúirt Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge, “Tá pobal iomlán na Gaeilge agus iad siúd a bhfuil suim acu inti ag teacht le chéile, idir óg agus aosta, le féile bhríomhar a chur i láthair atá lán le ceol beo, ealaín, cluichí agus ceardlanna.”
Beidh ceol beo ar an ardán mór ó bhannaí ar nós Burnchurch, IMLÉ agus An Chéad Ghlúin Eile, agus beidh na ceithre bhanna meánscoile is fearr i mbabhta ceannais Chath na mBannaí ag dul in iomaíocht don teideal náisiúnta. I spás Splanc beidh taispeántais ealaíne, ceardlanna puipéad, agus comórtais chruthaitheacha do scoláirí ar siúl. Spreagfar cairdeas agus cumarsáid trí Ghaeilge i measc déagóirí le geandáil ghasta, agus beidh ceardlanna idirghníomhacha le triail a bhaint as an mbodhrán, dornálaíocht, agus amhránaíocht ar an sean-nós ar fáil don phobal. I measc na n-imeachtaí eile, beidh biongó craiceáilte lán fuinnimh, spás teaghlaigh le léitheoireacht agus siamsaíocht do pháistí, agus scannáin i Lighthouse, idir chartúin do pháistí agus taispeántas speisialta den scannán uafáis nua Fréwaka le plé faoi bhéaloideas na hÉireann.
Beidh an chearnóg lán le beatha le taispeántais sráide, díoltóirí ag Margadh Gnó trí Ghaeilge, agus go leor eile do chách. Críochnófar an lá le Tob-Ghaeltacht i dteach tábhairne The Cobblestone ó a 6 pm, áit a mbeidh ceoltóirí traidisiúnta beo agus atmaisféar fíor-Ghaelach.
Tá gach imeacht saor in aisce, cé go bhfuil teorainn le spás ag roinnt ceardlann. Chun clárú agus féachaint ar na himeachtaí go léir, tabhair cuairt ar lamornagaeilge.ie nó lean @lamornagaeilge ar na meáin shóisialta. Ná déan dearmad ar an haischlib: #LMNG2025.