Féile na Bealtaine, ceiliúradh ar dhlúthnasc an dúlra agus an spioraid i dtine an tSamhraidh

Craolfar an tríú clár, Bealtaine, sa tsraith cheithre choda de chuid RTÉ, Na Féilte Tine Dé Luain an 5 Bealtaine ag 6.30 pm ar RTÉ 1 agus ar sheinnteoir RTÉ.

Tugann Na Féilte Tine léargas ar cheithre fhéile dhúchasacha na hÉireann, Samhain, Imbolg, Bealtaine agus Lúnasa. Is fáiltiú don séasúr nua gach féile.

Tá féilte tine á gceiliúradh leis na mílte bliain in Éirinn, agus scrúdaíonn an tsraith seo a stair agus an chaoi ina bhfuil siad fós ag freagairt do riachtanais spioradálta phobal na hÉireann san 21ú haois. Déanann sí iniúchadh freisin ar an siombalachas agus an mhiotaseolaíocht a bhaineann le gach féile, agus ar an tionchar atá ag na traidisiúin ársa seo ar chultúr agus ar fhéiniúlacht na hÉireann.

Sa tríú clár, scrúdaítear féile na Bealtaine agus téama an dúlra.

Deir Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir agus bunaitheoir an choincheapa don tsraith, “Ní hamháin gur staidéar ar na féilte ársa Éireannacha atá in Na Féilte Tine, ach iniúchadh ar intinn agus spiorad na nGael chomh maith. Is fáiltiú don samhradh í Féile na Bealtaine, agus sa chlár seo, déanaimid ceiliúradh ar phléasc na beatha a thosaíonn i mí na Bealtaine, agus ar an dúlra mar phríomhthéama an chláir.”

 “Sa chéad chuid, dírítear ar mhaisiú sceach na Bealtaine i Loch Garman, agus déantar iniúchadh ar na nósanna agus deasghnátha éagsúla a bhain leis an gcosaint a tugadh do na beithígh agus do na tithe i gcoinne an tslua sí. Deirtear go raibh na sióga an-ghníomhach i dtús na Bealtaine, rud a léirítear sna sean-nósanna agus traidisiúin a bhaineann leis an bhféile seo.

Sa dara cuid, tugaimid cuairt ar an Daingean agus ar Fhéile na Bealtaine, áit a bhfeictear leanúnachas thine na Bealtaine agus an teacht le chéile traidisiúnta a ghabhann léi.

Críochnaíonn an clár ar Chnoc Uisneach i gContae na hIarmhí, áit a ndéantar tine thraidisiúnta na Bealtaine a lasadh, agus na mílte ag bailiú ar an suíomh ársa seo, mar atáthar á dhéanamh leis na mílte bliain, chun fáilte a chur roimh an samhradh agus deireadh a chur le leath dorcha na bliana.”

 Leanann na ceithre chlár cruth ciorclach roth na bliana: Samhain, tús an gheimhridh agus na bliana nua; Imbolg, fáiltiú don earrach; Bealtaine, ceiliúradh ar thús an tsamhraidh; agus Lúnasa, teacht an fhómhair agus an fómhar le baint.

Mar léiriú ar an timthriall bliantúil, craolfar gach clár ar saoire poiblí na féile gach trí mhí: craoladh an chéad chlár, Samhain, ar shaoire phoiblí Oíche Shamhna i mí Dheireadh Fómhair 2024; craoladh clár 2, Imbolg, ar shaoire phoiblí Naomh Bríd i dtús mhí Feabhra. Tríd an tsraith, i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre, tiocfaidh pobail le chéile chun na traidisiúin ársa seo a cheiliúradh.

Má chailleann tú Clár 1, Samhain, tá sé ar fáil ar sheinnteoir RTÉ gus tá clár 2, Imbolg, ar fáil ar sheinnteoir RTÉ freisin. Is léiriúchán de chuid ROSG é Na Féilte Tine, coimisiúnaithe ag RTÉ agus ag Coimisiún na Meán, le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann trí Alt 481.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.