Dé Domhnaigh an 27 Aibreán seoladh feachtas chun airgead a thiomsú ar son dealbh a thógáil lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i lár Shráid Uí Chonaill, an áit ar léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Cásca ar an gcéad lá den Éirí Amach in 1916.
Is í an eagraíocht atá taobh thiar den fheachtas Cumann Comórtha Phádraig Mhic Phiarais. Bhí breis agus 50 duine i láthair i dTeach na bPiarsach ag 27 Sráid an Phiarsaigh chun tús a chur leis an bhfeachas. Tá an láthair seo suntasach mar is sa teach seo a rugadh Pádraig Mac Piarais in 1879, is ann a tógadh é agus is ann a bhí cónaí ar a mhuintir. Is in Amharclann an Phiarsaigh ar chúl an tí a bhí an ócáid ar siúl. Bhí ceol agus amhránaíocht ann ó neart ealaíontóirí éagsúla.
Is í Deirdre Colgan cathaoirleach an fheachtais. Ba é príomh-mhír na hócáide seolta cur i láthair staire ó Michael Howard, múinteoir staire ó Dhún Dealgan. Chuir sé faoi bhráid an tslua comhthéacs stairiúil an Phiarsaigh,
an ról lárnach a bhí aige i gcúrsaí cultúrtha agus in athbheochan na Gaeilge, agus an seal gairid ríthábhachtach a chaith sé i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann maidir le heagrú rúnda Éirí Amach na Cásca in 1916.