Bagairt don neodracht

Ní féidir aon amhras a bheith ann ach go bhfuil fíorbhagairt ann do neodracht stát na 26 contae. Tá feachtas ar siúl ag an mbunaíocht sna meáin, sa rialtas, sna ranna stáit agus i bpáirtithe na bunaíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael go príomha, chun an chonair a réiteach le gur féidir fáil réidh leis an nglas triarach ar an gcéad dul síos. Agus níl anseo ach an chéad chéim. An cuspóir atá ann ná fáil réidh leis an neodracht go huile is go hiomlán agus faoi dheireadh a bheith comhionann lena leithéidí san Aontas Eorpach agus dul isteach mar bhall iomlán de ECAT, mar a rinne an tSualainn agus an Fhionlainn le déanaí. Maítear gur mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin a chuaigh an dá thír seo isteach in ECAT, gan reifreann le toiliú an phobail a fháil, ach i bhfírinne bhí feachtas fadtéarmach ó bhunaíocht na tíre  seo, le ladar ó na Meiriceánach, ar ndóigh, an beart seo a dhéanamh ar feadh na mblianta.

Reachtáladh comhdháil idirpháirtí in Óstán an Gresham Dé Sathairn seo caite nuair a tháinig na páirtithe clé. agus iad siúd nach bhfuil ar an eite chlé ach gur mhian leo an neodracht a chosaint, go léir le chéile chun an fód a sheasamh ar son na neodrachta. Bhí cainteoirí ann ó Shinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Daoine seachas Brabús, Dlúthpháirtíocht, chomh maith le daoine agus grúpaí eile. Mhaígh Duncan Smith ón Pháirtí an Lucht Oibre tacaíocht don fheachtas seo cé nach raibh siad i láthair sa chruinniú áirithe seo.

Léiríonn gach pobalbhreith tacaíocht láidir leis an neodracht a choimeád, le dha thrian ar a laghad ar son cloí leis an bpolasaí seo. In ainneoin na n-iarrachtaí ó na meáin le meon an phobail a athrú, tuigeann an bhunaíocht nach bhfuil mórán bá ó mhuintir na hÉireann leis an neodracht a chaitheamh uathu. Is mar gheall ar sin go bhfuil scéalta ag teacht ó na meáin maidir leis na cáblaí faoin bhfarraige a nascann an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh agus an bhagairt ón Rúis go bhféadfadh siad dochar nó scrios a dhéanamh ar na cáblaí úd. Is cuma cé acu atá aon fhíorbhunús leis an mbagairt seo nó nach bhfuil, fágtar amach aon chomthéacs nach dtacaíonn le scéalaíocht na bunaíochta.  Déantar iarracht eagla a chothú sa phobal maidir le longa Rúiseacha amach ó chósta na hÉireann, cé go bhfuil siad curtha fúthu i bhfarraigí idirnáisiúnta; aris tugtar droim láimhe don chomhthéacs ar mhaithe le bolscaireacht.

Feictear é seo go lom san aithris atá go hiomlán aontaobhach agus frith-Rúiseach le Cogadh na hÚcráine agus is cinnte go bhfuil macallaí den chineál seo feicthe againn cheana féin breis is céad bliain ó shin nuair a chuaigh an Ríocht Aontaithe i gcogaíocht leis an nGearmáin, ar mhaithe le náisiúin bheaga a chosaint, mar dhea!  Ag an am bhí bunaíocht na tíre seo, Páirtí Pairliminte na hÉireann faoi cheannas Redmond, an Páirtí Aontachtach faoi cheannas Carson, an Eaglais Chaitliceach agus na heaglaisí eile, go hiomlán taobh thiar d’iarracht chogaidh na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda.

Is amhlaidh atá bunaíocht an lae inniu le ‘Réamannaigh’ na linne sin agus droim láimhe le tabhairt don neodracht más féidir leo!

Cathal Ó Murchú

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.