Tá dóchas mór ag Poblacht na hÉireann maidir le Euro 2028 tar éis d’Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) a fhógairt go mbeidh dhá áit sa chomórtas á gcoimeád do dhá fhoireann na críocha óstacha mura n-éiríonn leo cáiliú ar an ngnáthbhealach.
Tháinig Coiste Feidhmiúcháin UEFA i gceann a chéile in Bilbao Dé Céadaoin, roimh chluiche ceannais Shraith Europa, agus cheadaigh siad córas cáilithe a thugann buntáiste d’fhoirne na gcríoch óstach. Beidh Euro 2028 á chomhóstáil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le chéile, agus mar gheall ar an gcinneadh seo féadfaidh cúlbhealach a bheith ag Poblacht na hÉireann isteach sa chomórtas.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!