Dea-Ghuí ó Chill na Martra do mhuinitir Ráth Chairn

Cóilín Duffy

Tá Gearóid Ó hÉalaithe, Cathaoirleach CLG Chill na Martra, lán dóchais go n-éireoidh go geal le Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana i Ráth Chairn. Ag labhairt dó le An Páipéar, chuir sé in iúl a mhuinín i bpobal Ráth Chairn go gcuirfidh siad ar fáil deireadh seachtaine den chéad scoth, tar éis do Chill na Martra cúraimí ósta a chur díobh anuraidh.

“Ní hé an club a ritheann cumann an Comórtas, ach an pobal,” a dúirt sé go bródúil. “Bhí go leor cruinnithe againn le muintir Ráth Chairn le bliain anuas, agus bhí siad thar cionn – níl dabht orm ach go mbeidh gach uile rud réidh.”

Thug sé le fios gur thug an taithí óstála a fuair Cill na Martra anuraidh leo tuiscint dhomhain dóibh ar an ar an leibhéal ullmhúcháin a theastaíonn. “Ní féidir leat seo a chur i gcrích gan pleanáil cheart – agus is cinnte go bhfuil an obair déanta ag Ráth Chairn.”

Rachaidh Chill na Martra chun páirce arís i mbliana, agus cé gur de bhearna bheag a chaill siad an cluiche leathcheannais anuraidh in éadan Chill Chartha, tá Ó hÉalaithe dóchasach go gcruthóidh siad go maith arís.

“Tá an comórtas seo fíorthábhachtach dúinn – bíonn muid ag tnúth leis gach bliain. Bhí seans mór againn anuraidh, agus cé gur tháinig deireadh lenár n-aistear sa chluiche leathcheannais, bhí deireadh seachtaine den chéad scoth againn. Bhí an aimsir foirfe, agus bhí gach rud eile – bainistíocht, lóistín, ceol, spraoi agus an Ghaeilge – go hiontach.”

Tá sé ag súil le hiomaíocht láidir arís i mbliana, le foirne láidre cosúil le Naomh Anna Leitir Móir, Bhuilf Tón, an Ghaeltacht agus an Tearmann go léir san iomaíocht.

“Bhí cluiche leathcheannais fíordheacair againn i gcoinne Bhuilf Tón in 2023. Má tá siad chomh láidir sin arís, beidh dúshlán mór ann. Ach sin é croílár an chomórtais – níl aon ráthaíocht ann, agus is féidir le haon fhoireann an bua a fháil.”

Dúirt sé freisin cé go bhfuil buntáiste ag foirne baile, bíonn dualgais bhreise ar na himreoirí agus lna meantóirí araon.

“Caithfear a bheith réidh do gach rud – ar an bpáirc agus taobh amuigh di. Ach tá a fhios agam go bhfuil Ráth Chairn réidh – tá siad tar éis obair mhór a dhéanamh.”

Ar deireadh, ghabh sé buíochas le gach duine a bhí páirteach sa chomórtas anuraidh i gCill na Martra agus ghuigh sé gach rath ar phobal Ráth Chairn i mbliana:
“Go n-éirí libh go léir – beidh muid ar ais ar an bpáirc agus sa spraoi ag deireadh na seachtaine!”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.