Trasna

1.  Conradh idir duine agus comhlacht árachais faoina n-íoctar méid ar leith ar feadh a shaoil do dhuine atá ar scór (9)
5. Atá ag dul chun cinn (aidiacht) (8)
9. Fiontrach (10)
11. Dos (3)
13. Ceangailte (7)
15. Atá ann dairíre (aidiacht) (8)
17. Calafort (4)
19. Traochta (6)
21. Ullamh chun tosú: ar ???????? (8)
23. Mar a bhíonn sé sa gheimhreadh de ghnáth (4)
25. Cuireadh an tírghráthóir óg seo chun báis ar Shráid Thomáis in 1803 (5)
27. Beathaigh, tóg nó múin (3)
28. Ciumhais (6)
29. Ceart go leor: go ???? (4)
30. Titim (6)
31. Aontú (6)
33. Éirí as contúirt (4)
34. Córach, níos ????? (5)
35. Ríocht in Éirinn agus Albain fadó ??? Riada (3)
36. Samhnasach (6)
38. Crúca (5)
39. Gan truailliú (3)
41. Gníomh; ag siúl timpeall agus fearg ort: ag ????????? (9)
42. Ar an ngannchuid (6)

Síos

1.  Mallintinneach (7)
2. Cumaiscthe isteach i rud (9)
3. ??????? a dhóigh mé, copóg a leigheas mé (7)
4. Am nó ócáid (3)
6. Ceantar nó talamh a bhfuil breosla iontaise ar fáil faoi agus á bhaint (11)
7. Cath (3)
8. Tar éis, d’?????? (6)
10. Rith tobann eallaigh le sceimhle (8)
12. Uachtarán Chonradh na Gaeilge (3, 6 agus 5)
14. Seachas (3)
15. An (iolra) (2)
16. Duine míshocair (10)
18. Leagan malartach de ‘Ó’ i sloinnte (2)
20. Dúthracht (8)
21. Bíonn an tine mar seo (2)
22. Góilín fada ar an taobh thiar idir Inis Eoghain agus Fánaid (4 agus 5)
23 Foréigneach (9)
24. Treoir (5)
26. Cadrálaí (8)
29. Saghas aicíde marfaí sa 14ú haois (8)
32. Rud nó grianghraf a chuirtear isteach i léarscáil, cur i gcás (6)
33. Cúthail (6)
37. Ar iarraidh; ar ??? (3)
40. Ar; dara pearsa uatha (3)

Freagraí ar Crosfhocal #29

TRASNA: 1. Iomas 2. Gológ 5. Mianta 8. Earcaíocht 10. Liairne 11. Gaota 13. Vól 15. Log 16. Ruacan 19. Seanad 20. Úra 23. Fualbhrostach 24. Suas 27. Mala 28. Cloch is mó 30. Is dána an mhaise dó 32. Ribe 34. Sceach 36. Tásc 37. Nach méanar dó 38. Ionat

SÍOS: 1. Imeaglú 2. Mireoga 3. Slapar 4. Groí 5. Meirleach 6. An Indinéis 7. Tunladh 9. Haváí 12. Aor 14. Ón 17. Ulchabhán 18. Craobh 21. Ceallamán 22. Gluaisne 23. Fomhuireán 25. Uisceadán 26. Scódaíocht 29. Cladán 31. Argain 33. Broc 35. CIÉ
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.