Cosc le cur ar phúicíní le linn agóide

Eoin Ó Murchú

D’fhógair an tAire Dlí is Cirt, Jim O’Callaghan, go bhfuil sé le reachtaíocht a chur os comhair an rialtais a thabharfaidh cead don Gharda Síochána iachall a chur ar dhuine masc nó púicín a bhaint má tá garda in amhras go bhfuil an púicín ann ar mhaithe le himeaglú a chur ar éinne, gníomh coiriúil a dhéanamh nó aitheantas a cheilt go mídhleathach.

Deir an t-aire go bhfuil an reachtaíocht seo á tabhairt isteach aige mar fhreagra ar agóidí de lucht na heite deise i bhfad amach i gcoinne inimirceoirí is eile.

Ach deir lucht na gceart sibhialta go bhfuil “an-imní orthu faoi phlean an rialtais.” Dúirt urlabhraí go mb’fhéidir go mba mhaith le daoine clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar chúiseanna leighis nó reiligiúnacha nó chun a bpríobháideacht a chosaint.

Dúirt sé go raibh imní air go gcruthódh na bearta nua, nuair a chuirtear le ceamaraí an Gharda Síochána agus pleananna do na gardaí teicneolaíocht aitheantais aghaidhe a úsáid, drochmhisneach agus beaguchtach maidir le tuairimí a chur in iúl i spásanna poiblí.

Tugadh dlí den chineál céanna isteach i Sasana i ndiaidh círéibeacha ansin i gcoinne inimirceoirí, agus tá súil ag an aire go mbeidh an dlí nua i bhfeidhm anseo san fhómhar.

Deir sé go dtabharfaidh sin am don stát éifeacht an dlí a mheas sula rachaidh an tír seo i gcathaoirleacht ar an Aontas Eorpach le go mbeidh sé níos éasca ag an nGarda deileáil le hagóidí ón eite dheas nó ón eite chlé. 

Ach deir lucht na gceart sibhialta arís go léiríonn an chaint sin gur ag iarraidh agóid agus ceart agóide a smachtú atá an t-aire.

Creideann an t-aire go gcuirfidh na hathruithe bac ar chlúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus go mbeidh imscrúduithe níos tapúla agus nach mbeidh siad chomh casta dá mbarr.

Creideann na Gardaí freisin, deirtear, go gcabhróidh sé leo faisnéis a bhailiú faoi líon beag agóideoirí atá ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as an gceart chun agóide tríd an gcumhacht a bheith acu dul i ngleic leo agus a n-aitheantas agus sonraí eile a thaifeadadh má chaitheann siad mascanna i suíomhanna ar leith.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.