Clárúchán d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha fós ar oscailt i 9 gcontae 

Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Áine Uí Choinn, Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, Ambasadóir Gaeilge CLG, Fergal Whitely agus Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, ag seoladh Ambasadóir na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh
Grianghraf: Sportsfile

Tá beagnach 250 club CLG timpeall na tíre cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana, an líon is mó clubanna atá ag glacadh páirte sa scéim ó cuireadh tús léi in 2017.

Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais agus tá spásanna fós ar fáil sna contaetha seo a leanas: Cill Chainnigh, Laois, Liatroim, Loch Garman, Longfort, Port Láirge, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Uíbh Fháilí.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile.

Is é cuspóir na fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cuidiú ar fáil don oifigeach Gaeilge sa chlub le comhairle, tacaíocht agus smaointe le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir deontas a lorg ón bhFondúireacht chun cuidiú maidir leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.

Má tá spéis agat do chlub a chlárú, is féidir a thuilleadh eolais a fháil ar www.glornangael.ie/clgclg@glornangael.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.