Tá sé deacair go leor méar chruinn a leagan ar cé hé go díreach an Pápa nua, Leon XIV. Nuair a tháinig an deatach bán amach as simléir an tSéipéil Shistínigh an tseachtain seo caite, is beag ar fad an aithne a bhí ag pobal an domhain agus cuallacht na hEaglaise Caitlicí féin ar Robert Francis Prevost ó Chathair Chicago sna Stáit Aontaithe. Cheap an Pápa Proinsias ina chairdinéal é thart ar bhliain go leith ó shin. Rugadh é in 1955 agus oirníodh é ina shagart in 1982 in aois a 27 dó. Chaith sé formhór a chuid ama mar shagart ar na misin agus mar easpag i bPeiriú, Meiriceá Theas, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil a lán de na luachanna céanna aige agus a bhí ag an bPápa Proinsias.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!