Ba ar éigean go raibh an nuacht mhór faoi ionsaithe Hamas agus Jiohád Ioslamach ar gharastún Gaza scaipthe ar an domhan ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 gur tosaíodh ag scaipeadh scéalta faoi “dhícheannú babaithe” agus “olléigniú ban Iosraelach”. Gan iniúchadh dá laghad, ghlac mórmheáin an Iarthair agus neart polaiteoirí leis na scéalta sin agus scaipeadarsan iad freisin.
Chabhraigh scéalta na n-uafás sin go mór chun cáineadh ar bhuamáil Iosrael ar shibhialtaigh agus ar chinedhíothú na bPalaistíneach a laghdú. Nuair a fuarthas amach nár maraíodh ach páiste amháin in ionsaí Hamas agus nach raibh aon dícheannú i gceist, baineadh an bonn luath go leor de bholscaireacht uafáis na mbabaithe, in ainneoin athrá an Uachtaráin Biden.
Ach is amhlaidh a mhéadaigh scéal an oll-éignithe. Fear a raibh páirt mhór aige i scaipeadh an scéil sin ba ea Rami Davidian. Ní hamháin gur mhaígh sé go bhfaca sé mná marbha i ndiaidh a n-éignithe, ach gur tharrtháil sé na céadta acu a bhí ag éalú ón ár agus gur chuir sé ruaig ar chúigear Palaistíneach armtha agus gan aige ach píosa de phíopa miotail. Laoch ar leith, gan dabht!