Bochtanas ó shaibhreas: crainn na hÉireann

Go dtí deireadh na Meánaoise, bhí Éire faoi fhoraois mhór. in ainneoin an chaillteanais mhóir inniu, tá lorg na flúirse fós inár mbéaloideas, logainmneacha, amhráin, dánta, scéalta agus fiú i gcur síos ar nithe ar leith.  

Diarmuid Breatnach

Bhí Éire clúdaithe ag foraoisí tráth. Tar éis na hoighearaoise, bhain daoine ar shiúl an chuid is mó de na crainn. Daoine sa ré Neoiliteach a rinne cuid de seo, ach tharla an chuid is mó den bhaint le linn fhorghabháil Shasana. 

Deimhníonn logainmneacha na hÉireann flúirseacht cineálacha crainn ar fud na tíre uair. An airne mar shampla sa logainm Cill Airne; an chaithne i logainmneacha i gCiarraí agus Luimneach agus an chuileann in a lán logainmneacha i Co. Chill Mhantáin agus chomh fada le Dún na nGall. an dair luaite ar fud na tíre agus tá fiú dhá chontae aige, Co. Dhoire agus Co. Chill Dara. Luaitear an fhuinseog in Oileán na Fuinseoige i gCiarraí, agus Áth na bhFuinseog i gCill Mhantáin; Tá an t-iúr i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha agus tá coill iúir, mar atá eo, i gCo. Mhaigh Eo.

Is speiceas dúchasach é an sceach gheal agus tá sceach in a lán logainmneacha chomh maith leis an tsaileach, gan amhrán agus dán de chuid Yeats a áireamh, The Sally Gardens. Is iad na crainn dhúchasacha eile coll, beith, fearnóg, caorthainn, eabhadh (eabhóg, crann creathach), péine Albanach, trom agus, seachas an t-eabhadh b’fhéidir, táid ar fáil sna logainmneacha freisin.

Bhí áit thábhachtach ag na crainn i ndlíthe na mBreithiún le ceithre roinn nó gradam crainn luaite agus ba é luach dhá bhó go leith an pionós cuí as dochar a dhéanamh do cheann den ghradam is airde.

In Buile Shuibhne ón seachtú céad déag, insítear dúinn gur chaith an Suibhneach bocht seacht mbliana ag taisteal na gcrann. Mar atá cúrsaí coillte againn faoi láthair, is ar éigin a bheadh dóthain crann do thuras lae aige aon áit in Éirinn anois!

Go dtí deireadh na Meánaoise, bhí Éire faoi fhoraois mhór. Bhain na Normannaigh agus na Sasanaigh crainn na tíre seo chun caisleáin, séipéil agus eaglaisí a thógáil in Éirinn agus sa Bhreatain leis, mar shampla Eaglais agus Páirlimint Westminster.

Ach ba é tógáil long b’fhéidir príomhchúis scrios na gcrann, ag na Lochlannaigh ar dtús, ag na Normannaigh agus go mórmhór ag na Sasanaigh. D’oir meath na bhforaoisí ar shlí eile do na húdaráis agus na Plandóirí, óir is ann a bhí na Gaeil a díshealbhaíodh ag cur fúthu idir ruathair ar na coilínithe. Ba dhaoine ar a gcoimeád iad na ceithearnaigh choille,  agus bhí na húdaráis nua ar a dtóir. Ar ndóigh, ba é forghabháil Shasana a bhí i gcumhacht agus a ndlí i bhfeidhm.“Bímse ‘sna coillte is mo bhuachaill im threo” adeir An Droimeann Donn Dílis, agus í ag tagairt do na fir a bhí díshealbhaithe ag na Sasanaigh agus a bhí anois ar a seachnadh.

Fógraíodh deireadh ré i lár an tseachtú haois déag, “Ach anois tá an choill dá gearradh” san amhrán Seán Uí Dhuibhir a’ Ghleanna, agus caoineadh “deireadh na gcoillte ar lár” san amhrán Cill Chais fiú chomh deireannach le tús an ochtú céad déag.

Faoi láthair tá Éire ar cheann de na tíortha is lú foraois san Eoraip. Níl ach thart ar 10% de stát na 26 chontae inniu faoi choillte. Is plandálacha buaircíneacha neamhdhúchasacha an chuid is mó de seo, agus níl ach 2% ina gcoillte dúchasacha. 

Fiú i nganfhios dúinn bíonn tagairt do chrainn inár gcaint. Glaoitear ár ngéaga ar ár gcosa agus ár lámha agus tugtar crann (tógala) ar an ngléas a ardaíonn nithe chuig na hoibrithe tógála, chomh maith leis na píosaí adhmaid ar a gcrochtar na seolta ar bháid: “Tá an Francach faobhrach agus loingeas gléasta faoi chrannaibh ghéara acu ar muir le seal …” (Sliabh na mBan, maidir le héirí amach 1798). Tugtar crann píce ar an gcuid adhmaid den uirlis chatha den tréimhse chéanna. Go deimhin b’fhiú breathnú in teaglann.ie ar an oiread úsáid den fhocal crann.

Tá toradh agus cnóite bia le fáil ar na crainn agus mil le déanamh ag na beacha as a gcuid bláthanna. Bhíodh an-tábhacht leis na crainn freisin mar ábhar tógála tithe agus báid agus tá fós, chomh maith le déantús troscáin. Ar ndóigh bhíodh a lán úsáidí eile iontu, mar lón teasa, ábhar déanta cóistí, uirlisí agus airm, ealaíne agus páipéir. Dá dteipfeadh ar an bplaisteach lá éigin ba ríthábhachtach go deo a bheadh adhmad na gcrann arís.

Ach is tábhachtaí fós na crainn don timpeallacht anois láithreach. Bainnean na crainn carbón as an aer agus scaoileann ocsaigin amach. Ina theannta sin, moillíonn siad báisteach agus ionsúnn siad cuid mhór di, rud a rialaíonn creimeadh ithreach agus sceitheadh ​​cothaitheach ithreach. Agus crainn ag fás ar imeall abhann nó locha uisce, neartaíonn a bhfréamhacha na bruacha, rud a laghdaíonn tuilte. Tríd is tríd, tá crainn thar a bheith tábhachtach don chomhshaol.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.