Bain Taitneamh as do Thrá 2025 agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Cóstaí Glana na hÉireann agus Atlantaquaria, ceiliúradh le gairid ar Bain Taitneamh as do Thrá 2025, feachtas fuinniúil trí lá a reáchtáladh ón 14 go dtí an 16 Bealtaine 2025 ar 3 thrá i gCathair na Gaillimhe. Thug imeacht na bliana seo scoileanna, grúpaí pobail, saineolaithe comhshaoil, taibheoirí agus suas agus anuas le 70 rannpháirtí ióga le chéile ar Thrá na gCeann chun ómós a léiriú dár dtimpeallacht agus leis an gcósta a chosaint, agus é sin go léir faoi spéir ghorm ghlórmhar.

Seoladh an t-imeacht ar Thrá Grattan, áit ar ghlac na daltaí ó Scoil Náisiúnta an Chladaigh páirt i nglanadh suas na trá, agus bhí siad rannpháirteach i gceardlanna oideachais maidir le beathra muirí agus bithéagsúlacht le cósta. Reáchtáil an Dr Kevin Lynch ó Ollscoil na Gaillimhe ceardlann oideachais spraíúil ar chórais dumhcha agus ar chreimeadh cósta. Tháinig an lá chun críche le taibhléiriú ó Circus 250, áit ar fhoghlaim na daltaí faoi chaomhnú na bhfarraigí móra trí amharclann idirghníomhach, lámhchleasaíocht agus seanchas.

Mheall an aimsir bhreá Déardaoin níos mó grúpaí scoile, le daltaí ó Ghaelscoil Dara agus Radharc na Mara ar thóir raice agus débhlaoscach i mBaile an Locháin le hOifigeach Bithéagsúlachta na Comhairle Cathrach, Paula Kearney, Oifigeach na gCóstaí Glana, Ollie O’Flaherty agus Garry Kendellen ó Atlantaquaria.

Bhí seisiún ióga ar siúl ar Thrá na gCeann an lá deiridh agus d’fhreastail breis is 60 duine air. Cuireadh fáilte roimh dhaoine den uile aois agus den uile thaithí chun an ranga a bhí saor in aisce agus bhí faoi stiúir Eva Du ó Yoga Darsana. Is iad Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil agus Diarmaid Ó Nualláin ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a d’oscail an seisiún agus chuir siad fíorchaoin fáilte roimh an lucht freastail agus ghlac buíochas leo as a dtacaíocht agus a rannpháirtíocht ar feadh na seachtaine.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, “Is sócmhainní nádúrtha tábhachtacha iad ár dtránna agus is mór an phribhléid do Chathair na Gaillimhe a leithéid de thaitneamhachtaí iontacha a bheith ar leac an dorais againn. Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil ‘Gráigh do Thrá’ á chur seo chun cinn trí imeachtaí oideachais agus trí cheardlanna comhshaoil, a chothaíonn meas ar ghnáthóga cósta sa nglúin óg”.

Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Baineann an t-imeacht lenár meas ar thránna na cathrach a léiriú, agus má theastaíonn uainn sásamh a bhaint astu, tá sé mar fhreagracht orainn go léir iad a choinneáil glan agus a thuiscint gur sócmhainní nádúrtha tábhachtacha iad don chathair. Is é sin an chúis gur ghlacamar cinneadh meascán de ghníomhaíochtaí caitheamh aimsire ar nós seisiún ióga agus ceardlanna comhshaoil a reáchtáil.”

Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghlacadh leis na scoileanna, daltaí, múinteoirí, oibrithe deonacha agus leis na heagraíochtaí comhpháirtíochta go léir a ghlac páirt in imeacht Bain Taitneamh as do Thrá na bliana seo. Léiríodh an chuid is fearr de spiorad pobail, maoirseacht comhshaoil agus meas ar áilleacht chósta na Gaillimhe ar feadh na trí lá seo.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.