Tá athrú ó bhonn fógartha ag an rialtas i dtaobh na bpleananna le lucht iarrtha dídean a lonnú ag suíomh conspóideach ar an gCúlóg, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Bhí monarcha Crown Paints ar an suíomh agus bhí círéibeacha fíochmhara ann nuair a dúradh go mbeadh sé le húsáid mar dhídean. Bhí campa agóide ann freisin mar phointe cruinnithe do dhaoine a bhí in aghaidh an tionscadail.
I ríomhphost a seoladh chuig ionadaithe áitiúla, dheimhnigh an Roinn Dlí agus Cirt nach bhfuil siad “ag dul ar aghaidh leis an tairiscint ionad lóistín IPAS a chur ar an suíomh.”
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!