Amhrán na seachtaine: Róisín Dubh


A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois
Tá do phárdún ón bPápa — ón Róimh uile
Tá na bráithre thar sáile le cabhrú linn
Ní cheilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Tá grá a’m i mo lár dhuit le bliain anois
Grá láidir, grá cásmhar, grá ciapaithe
Grá a d’fhag mé gan áras, gan lúth gan léim gan brí ná rith
Go brách brách beidh gean a’m ar mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne ina tonnta tréana, beidh an spéir ina fuil
Beidh na bráithre bána thar sáile le cabhrú linn
Beidh gach gleann sliabh ar fud Éireann is a móinte ar crith
Lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.