
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir.
Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann.
Curfá:
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó ná héiligh é.
Níl tú a deich ná a haon déag fós.
Níl tú a deich ná a haon déag fós
Níl tú a deich ná a haon déag fós
Nuair a bheas tú trí déag beidh tú mór.
(Cúrfá)
Táimse i ngrá le gréasaí bróg
Táimse i ngrá le gréasaí bróg
Táimse i ngrá le gréasaí bróg
Mura bhfaighidh mé é ní bheidh mé beo.
(Cúrfá)
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.
(Cúrfá)
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Is tá sí i ngrá leis an ghreasaí bróg.
(Cúrfá)
Is iomaí bean a phós go h-óg
Is iomaí bean a phós go h-óg
Is iomaí bean a phós go h-óg
Is a mhair go socair lena greasaí bróg.
(Cúrfá)