Ar feadh ceithre lá an tseachtain seo caite d’ionsaigh na Gardaí agóidí síochánta i mBaile Átha Cliath agus tá 23 gníomhaí gafa agus cúisithe nó curtha faoi rabhadh faoin Acht um Cheartas Coiriúl.
Oíche Dé Domhnaigh an 30 Márta, Lá na Máithreacha, d’eagraigh Máithreacha i gcoinne an Chinedhíothaithe, dream dlúthpháirtíochta don Phalaistín, bigil os comhair Theach Laighean. Leagadar amach taispeántas os comhair na bpríomhgheataí le griangraif de pháistí Palaistíneacha maraithe ag Arm Iosrael, chomh maith le bróga agus buataisí beaga, le coinnle leictreacha lasta in a measc. B’Éireannaigh tromlach na ndaoine a bhí i láthair, le beagán Arabach in a measc, bean óg ó Gaza san áireamh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!