Bhí deacrachtaí le poist mhúinteoireachta a líonadh go mór chun tosaigh ag cruinnithe ceardchumann múinteoirí an tseachtain seo, deacrachtaí atá ag éirí fíorghéar i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dheacrachtaí eile, lena n-áirítear áit chónaithe a fháil ar chíos réasúnta nó ar chíos iníoctha.
Tá an rialtas ag rá go mbeidh scéim nua acu le conarthaí buana a thabhairt do mhúinteoirí nuacháilithe faoi dheifir mar chuid de phacáiste beart atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngéarchéim foirne atá ag dul i méid i scoileanna.
Le blianta anuas tá sé an-deacair conradh buan a fháil, agus bhí conarthaí bliana ag múinteoirí, conarthaí go minic nár thug uaireanta iomlána nó pá iomlán dóibh. D’fhág a lán múinteoirí an ghairm mar gheall air seo.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!