Cóilín Duffy
Beidh an tseirbhís nuachta nuálaíoch do pháistí, Nuacht Cúla4, faoi chaibidil ag Mojofest 2025, an chomhdháil idirnáisiúnta is mó le rá maidir le iriseoireacht shoghluaiste agus scéalaíocht dhigiteach. Is ionann “mojo” i dteideal na comhdhála agus “mobile journalism”. Beidh an ócáid ar siúl ar an 28 agus 29 Aibreán i Halla Uí Raghallaigh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Craoltar Nuacht Cúla4 ar chainéal páistí TG4, Cúla4, agus cuireann sé nuacht laethúil ar fáil do pháistí bunscoile idir 8 agus 12 bhliain d’aois. Baintear úsáid as teicnící iriseoireachta soghluaiste chun an clár a léiriú i stiúideo Fíbín Media i gConamara agus i suíomhanna éagsúla ar fud na tíre. Clúdaíonn sé scéalta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tá sé anois sa tríú séasúr, ag tabhairt aghaidh nua-aimseartha ar nuacht don aos óg.