Scéim Fiontar Pobail 2025 fógartha ag Údarás na Gaeltachta

Mícheál Mac Giolla Easbuig (Ceannasaí Réigiún an Tuaiscirt, Údarás na Gaeltachta), Eithne Nic Lochlainn (Bainisteoir, Lárionad Acmhainní Teo.), Rónán Mac Con Iomaire (Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta), Mairéad Nic an Iomaire (Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo.), Bearnaí Ó Gallchobhair (Cathaoirleach, Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo.), Aodh Mac Suibhne (Feidhmeannach Forbartha Réigiún an Tuaiscirt, Údarás na Gaeltachta)

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis Scéim Fiontar Pobail 2025 a fhógairt, scéim a chuirfidh tacaíocht airgid ar fáil do Choistí agus do Ghrúpaí Pobail sa Ghaeltacht chun tionscnaimh forbartha agus fiontair pobail a chur ar bun.

Cuirfear deontais suas le €3,000 ar fáil ag ráta 75% den chaiteachas incháilithe, cibé acu is lú, do thionscadail i réimsí éagsúla lena n-áirítear:

  • Forbairt áiseanna agus seirbhísí áitiúla, timpeallacht, pobail agus turasóireachta
  • Forbairt na Gaeilge mar theanga phobail
  • Fiontraíocht shóisialta

“Tá na tacaíochtaí a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil don earnáil fiontar sóisialta thar a bheith luachmhar agus muid ag iarraidh cumhacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta a dtodhchaí féin a mhúnlú trí thograí nuálacha a fhorbairt a théann chun tairbhe don phobal trí chéile,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Teanga ag Údarás na Gaeltachta.

Is féidir le heagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar bhunús daonlathach agus atá ionadaíoch don phobal áitiúil iarratas a dhéanamh ar an scéim seo.

Ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais a líonadh go cuí, meastacháin scríofa ar na costais a chur ar fáil, agus cóip de Bhunreacht nó Meamram & Airteagail na hEagraíochta a sholáthar.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh tacaíocht ar fáil d’fhiontar a bhfuil maoiniú stáit ar fáil dóibh faoi aon scéim deontais eile, agus nach n-íocfar aon deontas i leith caiteachais atá déanta roimh dháta ceadaithe an deontais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le d’oifig réigiúnach áitiúil de chuid Údarás na Gaeltachta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.