Tuairiscíodh le déanaí go raibh saoránaigh Éireannacha le díbirt ón nGearmáin de bharr agóidíocht ar son na Palaistíne. Ó thús an chinedhíothaithe sa Phalaistín tá iarrachtaí ar siúl ag stát na Gearmáine an dlúthpháirtíocht le muintir Gaza a bhíonn ar siúl ar na sráideanna a stopadh. Ní raibh mórán difir idir freagra na Gearmáine agus tíortha eile i leith ionsaí Hamas ar an Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, ach is éagsúil an freagra atá acu i gcoinne na léirsithe agus na n-eagraíochtaí ar son na Palaistíne. Dúirt an Seansailéir Olaf Scholz ar an 12 Deireadh Fómhair 2023 gur “beartas stáit” é tacaíocht na Gearmáine d’Iosrael. Ó shin, tá roinnt brúidiúlacht póilíní feicthe ag an domhan mór ar na meáin shóisíalta, agus níos measa fós tá cosc iomlán ar na frásaí “Ón abhainn chun na mara, beidh an Phalaistín saor”. Dár le húdaráis na Gearmáine is ráiteas frith-Sheimíteach é sin.