Sa ráiteas ba láidre uaidh go dtí seo faoi cheist na teorann chuir an Taoiseach Micheál Martin as an áireamh aon reifreann faoin teorainn roimh 2030 ar a dhéanaí.
Ag caint leis an iriseoir Sam McBride, in alt a foilsíodh in The Irish Independent agus The Belfast Telegraph, dúirt an Taoiseach go bhfuil athmhuintearas agus athchairdeas idir an dá phobal ó thuaidh níos tábhachtaí ná aontacht bhunreachtúil na tíre.
Deir an Taoiseach nach bhfuil “muid ag pleanáil do reifreann teorann in 2030” (an t-éileamh atá ag Sinn Féin), “agus creidim go bhfuil an obair atá á déanamh againn anois, ag obair ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, i gcomhthreo leis an oileán comhroinnte” níos tábhachtaí agus níos praiticiúla.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!