Cé go bhfuil an rialtas meáite ar dhul ar aghaidh lena bplean le deireadh a chur leis an nglas triarach, is cosúil nach bhfuil an pobal ar aon intinn leo faoin scéal.
Tugadh an glas triarach isteach nuair a dhiúltaigh an pobal glacadh le Conradh Nice in 2001. Ceapadh go raibh imní ar an bpobal go gcreimfeadh an conradh chun an tAontas Eorpach a leathnú neodracht na hÉireann agus go mbeadh rannpháirtíocht éigeantach in arm Eorpach sa todhchaí mar thoradh air.
Daingníodh an riail arís nuair a dhiúltaigh an pobal glacadh le Conradh Liospóin in 2007.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!