Ní raibh Lowry ag dréim le McIlroy dul i bpáirt leis ag an Zurich Classic

Dís Éireannach chun craobh ghailf mór le rá a chosaint.

Cóilín Duffy

Tá admhaithe ag Shane Lowry gur bhraith sé, beag beann ar thoradh Rory McIlroy ag an Masters, nach mbeadh a chara in New Orleans chun a gcraobh sa Zurich Classic a chosaint an deireadh seachtaine seo.

Bhí Lowry, a chríochnaigh os cionn an phar le 81 sa bhabhta deireanach in Augusta, ag tacú go tréan lena dhlúthchara nuair a d’éirigh le McIlroy uaillmhian a shaoil a bhaint amach na ceithre phríomhchomórtas uile a bhuachan nuair a rug sé leis craobh an Masters tar éis dó an ceann is fearr a fháil ar Justin Rose i gcluiche réitigh drámatúil níos luaithe an mhí seo.

Tá McIlroy, arb as Ard Mhic Nasca dó agus é sa dara háit i liosta domhanda na n-imreoirí gailf, tar éis deireadh a chur le feitheamh 11 bhliain le héacht nach bhfuil déanta ach ag cúig imreoir eile agus a thuill rabharta aitheantais.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.