Dé hAoine an 18 Aibreán

Ceiliúradh Mhic Easmainn 2025
i gcuimhne ar Ruairí Mac Easmainn, tírghráthóir, Gael, daonchosantóir bochtán
le Pádraig Ó Conchubhair, staraí áitiúil, údar agus file
12 meán lae
Lios Mhic Easmainn, Ard Fhearta, Co Chiarraí
Láithreoir Pádraig Mac Fhearghusa, Conradh na Gaeilge
Fáilte roimh chách

Grúpa tuistí agus tachrán
Lá spraoi na Cásca
10.30 am go 12 meán lae
Glór Dhún Geimhin
£4 an chlann le smailc san áireamh
Bí linn

Seisiún ceoil thraidisiúnta
Comhaltas Thrí Leac, Fear Manach
Óige 7.45 go 8.45 pm
Ardleibhéal 8.45 pm go dtí go mall
Tabhairne Uí Chorragáin, Trí Leac
Fáilte romhaibh go léir

Ceolchoirm: SEO LINN
8 pm
Tábhairne Uí Dhúláin, Bóthar an Duga, Luimneach
Ticéid €17, Tábhairne Uí Dhúláin nó Ticketmaster
Imeacht 18+, 061-314483

Cúinne Gaelach roimh cheolchoirm
6.30 go 8 pm
Comhluadar, sólaistí agus craic roimh cheolchoirm Seo Linn i
dTábhairne Uí Dhúláin, Luimneach
Fáilte roimh chách agus gach leibhéal Gaeilge, imeacht 18+
www.comhluadarluimnigh.ie

Dé Sathairn an 19 Aibreán

Ciorcal Comhrá Gaeilge
11 am
Óstán Fearnáin, an Cabhán
Téama: an Cháisc
Fáilte roimh dhaoine líofa agus iad siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú
Glór Bhréifne 087-6401682 glorbhreifne@gmail.com

Lá i gCathú
Lá Liteartha i gCathair na Gaillimhe

in ómós do Bhreandán Ó hEithir agus a shaothar
12 meán lae
Cearnóg na hOllscoile, Ollscoil na Gaillimhe
Siúlóid ag tabhairt cuairt ar na háiteacha luaite sa leabhar
Lig Sinn i gCathú, ag éisteacht le giotaí as, ag ól pionta, agus
scoth an chomhluadair
Fáilte roimh chách

Turas i nGaeilge
1 pm
Iarsmalann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, BÁC 2
Saor in aisce
Fáilte roimh chách
Teileafón 01-4070750

Dé Domhnaigh an 20 Aibreán

Siúlóid sléibhe, an Bhrocach
Siúlóid mheánach, an Láithreach, Sliabh na Brocaí Thoir, an Bhrocach, Foraois na Brocaí
Siúlóid 4-5 uair an chloig, 12km, dreapadh 550 méadar ar chosáin mhaithe den chuid is mó
10.15 am
Tús na siúlóide ag Séipéal Naomh Caoimhín, an Láithreach
Treoirí Daithí
Tuilleadh eolais cnocadoiri@yahoo.com

An Rí le Pádraig Mac Piarais
Dráma amuigh faoin aer
Á léiriú ag Aisteoirí Thamhlachta
2.30 go 3.30 pm
Iarsmalann an Phiarsaigh, Rath Fearnáin, BÁC 16
Ticéid ó Eventbrite
Ceann de na píosaí liteartha is spreagúla ó pheann an Phiarsaigh
Buíochas le Músaem an Phiarsaigh agus Oifig an nOibreacha Poibli

Paráid Dhomhnach Cásca
An Fál Carrach, Tír Chonaill
7 pm
Banna Ceoil Athaontaithe Mhín Doire
Banna Ceoil Chloich Chionnaola
Buíon Cheoil Sinsear Chloich Chionnaola
Sólaistí agus léiriú in Ionad Naomh Fionnán i ndiaidh na paráide

Dé Luain an 21 Aibreán

Féile Chroithlí
Aonach Ceardaíochta
Teach Phaidí Óig, puball mór
Croithlí, Tír Chonaill
12 meán lae go 2 pm
Saorchead Isteach, fáilte roimh chách

Dé Céadaoin an 23 Aibreán

Ciorcal cainte
i Siopa Leabhar Castle, Caisleán an Bharraigh
11 am go 12 meán lae
Tuilleadh eolais Conradh na Gaeilge, 094-9022444, 087-9781166

Déardaoin an 24 Aibreán

Campa Gaeilge na Cásca
Naíscoil Shliabh gCuilinn
Dé Máirt an 22 go dtí Déardaoin an 24 Aibreán
9am go 1 pm
Ionad Pobail Dhroim an Tí, Droim an Ti, Ard Mhacha
Aois 3 go 5 agus 6 go 7 bliana
35 don chéad pháiste, £30 do gach páiste breise
Clárú ar líne
Gaeilge le cluichí, ealaín agus imeachtaí spraíúla

Ceardlann LEGO agus ETIM as Gaeilge
11 am go 12.30 meán lae
Coláiste Mhuire gan Smál, sa Spás ‘Craft Maker’
Aois 0 go 12
Maoirseacht caomhnóra ag teastáil
Clárú comhluadarluimnigh.ie
Eolas 089-4106637
Cúinne na nÓg, LEGO agus ábhar ETIM

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.