Clodagh Ní Mhuirí, Gaeloideachas
Dé Céadaoin an 26 Márta sheas Gaeloideachas i measc eagraíochtaí Gaeilge eile, ceanneagraíochtaí agus scoileanna ina measc, lasmuigh de Theach Laighean, ag éileamh réiteach fadtéarmach ar an ngéarchéim mhaoinithe atá roimh Fhoras na Gaeilge agus ag iarraidh aird a tharraingt ar an gceist go poiblí agus don chóras polaitiúil. Cuireann Foras na Gaeilge croímhaoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí agus de bharr na gciorruithe agus na heaspa maoinithe d’Fhoras na Gaeilge, tá scéimeanna, imeachtaí, agus seirbhísí na n-eagraíochtaí i mbaol.
Ní fadhb nua í sáinn mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, áfach. Níl aon ardú tagtha ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil do Gaeloideachas ó 2017 i leith, agus níor tógadh rátaí boilscithe san áireamh go bliantúil sa tsuim a fhaigheann an eagraíocht le seirbhísí a sholáthar ach an oiread. Mar sin, go praiticiúil, tá méid suntasach níos lú airgid ar fáil dúinn anois le tacaíochtaí a chur ar fáil do phobal an oideachais lán-Ghaeilge, agus tá laghdú leanúnach le blianta ar acmhainneacht na heagraíochta seirbhísí cuimsitheacha tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Is ionann an méadú ar chostais le hocht mbliana anuas agus 22.4% de réir eolas ón bPríomh-Oifig Staidrimh, sé sin, do gach euro a fuair Gaeloideachas mar mhaoiniú in 2017, bheadh €1.22 de dhíth inniu.