
Tá lúcháir ar Fhoghlaim TG4, i gcomhpháirtíocht leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, sraith oideachais úrnua a fhógairt a thugann gearrscéalta ón tsiollabas A-Leibhéal Gaeilge chun beatha. Sraith í a bheas oiriúnach do scoláirí na hArdtéistimireachta fosta.
Léirithe ag Macha Media, taispeánann Dúil sa Phrós sé ghearrscéal ón chnuasach Anam na Teanga: Gearrscagadh ar Ghlac Gearrscéalta (Cló Iar-Chonnacht/na húdair, 2012). Meascann an tsraith aithris mhealltach, léaráidí saibhre agus sainanailís, chun tacú le foghlaimeoirí sa tseomra ranga agus sa bhaile.
Is iad na scéalta atá sa tsraith ná:
- An Beo, le Liam Ó Flaithearta, á léamh ag Fíona Ní Flaithearta
- An Gadaí, le Pádraig Mac Piarais, á léamh ag Máire Ní Churraoin
- Athair, le Micheál Ó Conghaile, á léamh ag Micheál Ó Conghaile
- An Cumann, le Péigí Rose, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill
- Na Déithe Bréige, le Fionntán de Brún, á léamh ag Fionntán de Brún
- Nóra Mharcais Bhig le Pádraic Ó Conaire, á léamh ag Máire Ní Churraoin
Tá léaráidí galánta leis na scéalta uilig, déanta ag an ealaíontóir Seán Ó Brógáin, a thugann carachtair agus radharcanna chun beatha. Léitear gach scéal sa chanúint inar scríobhadh é, rud a chuideoidh le scoláirí scileanna éisteachta a fhorbairt, agus a dhéanann céiliúradh ar shaibhreas na Gaeilge.
Déantar anailís liteartha ar gach scéal, scríofa ag an Dr Niall Comer, agus curtha i láthair ag Caitríona Nic an tSaoir agus ag Aimée Ní Chonaing. Treoraíonn Caitríona agus Aimée muid trí na téamaí agus na teicnicí liteartha ar dhóigh shoiléir, shiamsúil atá éasca le leanúint.
Le tacaíocht á tabhairt don fhoghlaim sa tseomra ranga agus don staidéar breise, tá na háiseanna seo a leanas ar fáil leis an tsraith chomh maith:
- Closleabhair de na scéalta le héisteacht leo in áit ar bith ar ghléas soghluaiste.
- Treoracha staidéir do mhúinteoirí le pointí tábhachtacha plé.
- Fotheidil i nGaeilge ar gach físeán chun cuidiú le tuigbheáil na bhfoghlaimeoirí.
Tá an tsraith ar fáil anois ar TG4 Foghlaim.