Gaeilge á labhairt ag imreoir sacair Éireannach

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Andrew Omobamidele
Grianghraf: Irish Football Fan TV

Ar an nGaeilge a d’iompaigh duine d’imreoirí sacair na hÉireann chun a bhród a léiriú tar éis dó a chéad chluiche os comhair slua a imirt d’fhoireann sinsir na tíre i mBaile Átha Cliath.

An 7 Meán Fómhair 2021 bhí Andrew Omobamidele ar fhoireann na hÉireann a chríochnaigh ar chomhscór 1-1 leis an tSeirbia i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2022 i gCatar.

Ba é sin an dara cluiche ag Omobamidele, atá 19, ag imirt le foireann na hÉireann agus ba léir gur bhain sé taitneamh as an ócáid agus 25,415 duine i láthair i Staid Aviva den chéad uair ó scaoileadh cuid de na srianta dianghlasála.

“A leithéid de mhothú, ag imirt os comhair an lucht leanúna den chéan uair,” a dúirt sé i mBéarla i dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, sular iompaigh sé ar an nGaeilge, “is breá liom an tír seo”.

Imríonn Omobamidele, arb as Léim an Bhradáin i gCill Dara dó, do Norwich City. Fuair sé moladh mór as na taispeántais a thug sé ag deireadh an tséasúir seo caite nuair a bhain an fhoireann ardú céime amach go dtí Príomhroinn Shasana, agus meastar nach fada go n-imreoidh sé a chéad chluiche sa Phríomhroinn.

Bhí an t-ógánach ar dhuine de na himreoirí is fearr ag Éirinn sa chluiche in aghaidh na Seirbia agus an fhoireann i mbun cosanta d’fhormhór na himeartha. Roghnaíodh an cúl báire Gavin Bazunu, atá ar chomhaois le Omobamidele, mar laoch na himeartha agus na Seirbiaigh curtha ó dhoras aige arís agus arís eile. D’éirigh le hÉirinn an comhscór a fháil a bhuí le cúl tuathail ó Nikola Milenkovic tar éis 85 nóiméad.

D’fhág comhscór an chluiche sin Éire sa cheathrú háit i nGrúpa A. Níor éirigh le foireann na hÉireann aon cheann dá gcúig chluiche go dtí sin sa chomórtas a bhuachan.

Chinntigh an comhscór sin in aghaidh na Seirbia nach mbainfeadh Éire áit amach ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn, ach beidh a bhfuil i ndán don bhainisteoir Stephen Kenny ag brath go mór ar chaighdeán na himeartha uathu sna cluichí atá fágtha acu, cluichí a imreofar i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé a fuair gradam laoch na himeartha sa chluiche in aghaidh na Seirbia?
  2. Ócáid stairiúil a bhí sa chluiche sin i Staid Aviva in 2021. Cén fáth?
  3. Céard a dúirt Omobamidele faoina thír dhúchais?
  4. Scríobh síos dhá phíosa eolais faoi chumann sacair Norwich City.
  5. Conas a d’éirigh le hÉirinn comhscór a fháil sa chluiche in aghaidh na Seirbia?
  6. Cá mbeidh Corn an Domhain sa sacar á imirt?
  7. Meas tú cén fáth go bhfuil an colúnaí ag caint faoi thodhchaí Stephen Kenny?
  8. An dóigh leatsa go bhfuil muintir na hÉireann bródúil as ár bhfoireann sacair? Mínigh do fhreagra.
  9. “Is breá liom an tír seo,” a d’fhógair fear óg Chill Dara. An ndéarfá-sa an rud céanna?
  10. Scríobh alt gearr ar an gcúis gur breá leat nó nach breá leat an tír seo.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.