Freagra BRICS le Teacht ar na Taraifí

Cathal Ó Murchú

D’fhógair an tUachtarán Trump Lá an tSaortha ar an gCéadaoin an 2 Aibreán, le slám mór taraifí atá le gearradh ar thíortha eile. Bhíothas ag súil leis na taraifí seo le tamaillín anois agus leis seo eascróidh cogadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus tíortha eile, lena n-áirítear Ceanada, Meicsiceo, an tAontas Eorpach, an tSín agus baill eile de BRICS.

Tá bloctharaifí gearrtha ag rialtas Trump ar an tSín (34%), ar an India (26%), ar an mBrasaíl (10%), ar an Afraic Theas (30%), ar an Aontas Eorpach (20%), ar an Ríocht Aontaithe (10%), ar an tSeapáin (24%) agus ar an gCóiré Theas (25%) i measc tíortha eile. Is iad na hearraí is mó a bhfuil taraifí fógartha ina leith ná gluaisteáin, miotail, leathsheoltóirí, adhmad, alcól agus bia.

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, Wang Yi, go bhfuil “na Stáit Aontaithe breoite agus iad ag cur iallach ar gach duine eile cóir leighis a fháil.” Go bunúsach, ciallaíonn sé seo go bhfuil rialtas Trump, mar gheall ar na fadhbanna inmheánacha a ghoilleann ar na Stáit Aontaithe, ag gearradh taraifí ar gach uile comhpháirtí trádála dá bhfuil acu. Is léiriú ar an gcúrsa aonarach atá faoi lánseol ag na Meiriceánaigh an chaoi a bhfuil sean-naimhde san Áise Thoir, an tSín, an tSeapáin agus an Chóiré Theas, tagtha le chéile mar aonad amháin le taraifí dá gcuid féin a ghearradh ar Mheiriceá.

Níl aon chúis don Rúis a bheith buartha sa chaoi go bhfuil siad faoi dhianréimeas smachtbhannaí cheana féin, ní hamháin ó Mheiriceá, ach ó chomhghuaillithe an Iarthair freisin. Leanfaidh an India, an Bhrasaíl, an Afraic Theas agus tíortha eile lena bhfreagraí féin ar na taraifí seo gan mhoill agus is cinnte go dtiocfaidh siad an tseachtain seo chugainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.