Tuigeann muid go bhfuil deacrachtaí móra againn: tithiocht, sláinte, oideachas, i fostaíocht, trádáil, agus eile. Agus is léir go bhfuil ag teip ar an rialtas réiteach a aimsiú dóibh.

Ach sé an rud is measa ná go bhfuil sé ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae go bhfuil deacracht i ngné amháin dár saol ag spreagadh tuilleadh deacrachtaí i ngnéithe eile.

Mar shampla, mar a phléitear san eagrán seo, tá géarchéim ann sa chóras múinteoireachta agus teip ar an-chuid scoileanna daoine cáilithe a aimsiú le bheith ag múineadh.

Tá plean ag an rialtas dul chun cinn gasta a dhéanamh le poist bhuana a thabhairt do mhúinteoirí, ach taobh thiar den fhadhb sin tá fadhb eile.

I mBaile Átha Cliath, an áit is mó a bhfuil ganntanas múinteoirí ann, tá leisce ar mhúinteoirí glacadh le post sa phríomhchathair toisc go bhfuil leibhéal na gcíosanna comh hard sin.

Ní fiú glacadh le post mura mbeidh a dhóthain tuarastail agat le maireachtáil, le cíos a ghlanadh, le morgáiste a fháil agus le saol sóisialta de chineál éigin a bheith agat.

Sea, tá géarchéim na tithíochta ag cur le géarchéim na heaspa múinteoirí.

Mar an gcéanna atá an scéal maidir le haltraí sna hospidéil, fadhb atá ag cur go mór le hamanna fada feithimh.

Maidir le fostaíocht, tá sé deacair daoine a aimsiú atá sásta a bheith ag obair sa phríomhchathair toisc go bhfuil cíosanna ró-ard. Agus murar féidir le comhlachtaí ó thar lear fostaithe a fháil anseo rachaidh siad áit éigin eile.

Ach cloíonn an rialtas le dogma an mhargaidh.  Deir siad go gcaithfimid brath ar lucht an rachmais, agus a chinntiú go bhfuil brabús ar fáil dóibh cé gur léir go bhfuil ag teip ar an bpolasaí sin aon réiteach a fháil.

Fáinne fí, agus gan aon bhealach as.

Eoin Ó Murchú

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.