Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag labhairt faoin teanga agus is minic a bhíonn cuid den phobal ag gearán faoi seo. Tá i bhfad níos mó topaicí ann le plé, nach bhfuil? Scríobh Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen faoi seo ina leabhar den scoth An Béal Bocht. Mura bhfuil sé léite agat molaim go mór é a léamh. Tá an leabhar suite i nGaeltacht ficseanúil darb ainm an Chorca Dhorcha, áit ina mbíonn sé ag stealladh gan stad. Samhradh amháin tagann “na Gaeilgeoirí” ó Bhleá Cliath chun freastal ar na coláistí samhraidh agus a bheith ag Gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh agus labhairt le muintir na háite. Caitheann siad fórmhór an ama ag plé cúrsaí gramadaí, ag argóint faoi dhíochlaontaí agus mar sin de, agus gan bheith ag labhairt faoi aon rud eile. Léigh mé an leabhar den chéad uair agus mé san ollscoil. Níor fhreastail mé ar Ghaelscoil agus mar sin bhí mo chuid Gaeilge an-lag go deo. Thuig mé b’fhéidir leath de na nithe a bhí á bplé ag na léachtóirí. De réir a chéile tháinig feabhas orm, ach cuireann An Béal Bocht i gcuimhne dom roinnt de na carachtair ar tháinig mé trasna orthu agus mé ar m’aistear foghlama. Fós casann tú leis na daoine seo uaireanta, is dócha go síleann siad go bhfuil siad ag iarraidh a bheith cabhrach ach an chuid is mó den am cuireann siad as duit. Caithfidh mé a rá ar dtús sula labhraím faoi na carachtair éagsúla i saol na Gaeilge nach bhfuil fadhb ar bith agam ó thaobh cruinneas teanga de, nó botúin ghramadaí a cheartú, ach tá fadhb agam le hardnós agus ardchéimníocht.

Casann tú leis an teagascóir a deir go gcaithfidh tú canúint a phiocadh agus cloí léi. Is cuimhin liom agus mé san ollscoil go dúradh liom nach bhfuil aon mhaitheas i nGaeilge i mblas Bleá Cliathach agus gur gá dom canúint a phiocadh. An fhadhb atá agam leis an sort smaoinimh sin ná cuireann sé in iúl gur áit ghallda é Baile Átha Cliath agus nach cuid d’Éirinn é. Tá cuid den Ghaeilge is fearr a chuala mé riamh ag cainteoirí laethúla ón bpríomhchathair. Caithfidh muid fáil réidh leis an saghas smaoinimh seo. Más maith leat canúint a phiocadh ar aghaidh leat agus níl aon fhadhb agam leis, ach cuireann sé isteach orm an tslí go mbíonn brú ar dhaoine sna hollscoileanna é seo a dhéanamh.

Casfaidh tú gan dabht leis an duine a bhíonn ag ceartú gan stad. Ní fadhb é seo, tá gá le saibhreas agus cruinneas teanga a chur chun cinn, ach is minic a chuireann na daoine seo isteach ar fhoghlaimeoirí agus cuireann siad lagmhisneach orthu. Chonacthas duine amháin le déanaí ag rá rud éigin ar nós “má deir tú é seo tá tú ag truailliú na teanga”. Bíonn na daoine seo lán le dea-rúin uaireanta ach arís déanann sé níos mó damáiste ná maitheas. Déantar botúin gach lá sa Bhéarla sa tír seo agus ní dheirimid an frása thuas.

Mar mhúinteoir le han-chuid daltaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu, thug mé faoi deara go bhfoghlaimíonn daoine i go leor bealaí éagsúla. Ní oibríonn ceartúcháin ar nós na gceann a luaigh mé thuas. Ní bheadh muid sásta le múinteoir ag rá a leithéid le páistí óga. Cén fáth mar sin an nglactar leis i measc daoine fásta ag labhairt agus ag foghlaim na Gaeilge. Caithfidh muid ceist a chur, an bhfuil na “saineolaithe gramadaí” seo i ndáiríre faoi athbheochan nó an bhfuil siad díreach ag déanamh gaisce dóibh féin agus a gcairde? Ar a bharr sin, an ndéarfaidís a leithéid le cainteoir dúchais a rinne botún? Nó an ndéarfaidís gur saibhreas teanga atá ann? Caithfear a bheith foighneach agus deas le foghlaimeoirí nó fiú daoine nach bhfuil an phribhléid acu céim sa Ghaeilge a fháil. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Domhnall Mac Concharraige

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.