Dráma dúghrinn ‘Dathanna Geala Amháin’ an Taibhdhearc ar camchúirt timpeall na tíre

Tá an dráma dúghrinn ‘Dathanna Geala Amháin’, a chuaigh ar camchuairt ó Bhéal Feirste go dtí An Bhrasaíl i gcóiste marbh á leiriú ag An Taibhdhearc agus an t-aistriúchán seo á chur i láthair acu don chéad uair agus iad ar camchuairt timpeall na hÉireann i mí Bealtaine.

Tá an dráma beanaonair seo lán le diabhlaíocht agus athbheodh an dráma go speisialta le bheith mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe agus rachaidh sé ar camchuairt. Bain blaisín den deoch láidir agus tar linn ar thuras croíúil agus muid ag taisteal chun díchuimhne. Suite i dteach faire, níl an dráma seo ach feiliúnach dóibh siúd atá beo beithíoch.

Beidh fortheidil Bhéarla ar fáil. Tá beagán eascainí agus tagairtí d’fhoréigean sa seó seo. 14+.

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne ag An Taibhdhearc: “Tá sé ríthábhachtach mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge go léiríonn muid scéalta ar nós ‘Bright Colours Only’ – scéalta as gach cearn den oileán seo ar gá iad a chloisteáil agus a fheiceáil as Gaeilge, ar an stáitse ag an Taibhdhearc agus ar camchuairt i dTuaisceart agus i nDeisceart Éireann agus thar lear. Is í an fhís atá againn saothair tharraingteacha a cheapadh i nGaeilge, saothair a léiríonn cé muide sa lá atá inniu ann, ach ba bhreá linn ag an am céanna baile a thairiscint d’ealaíontóirí uaillmhianacha Gaeilge agus a saothar. Seo é an chéad léiriúchán dár séasúr nua, séasúr a mbaineann cúig imeacht leis, a bheidh ar siúl in 2025 – scéalta fúinne agus dúinne, dóibh siúd a mbíonn an Ghaeilge i ngach lá acu, do na foghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sa nGaeilge.” 

  • 1-3, 6 – 10 Bealtaine: An Taibhdhearc, Gaillimh 
  • 14 Bealtaine: Amharclann Ghaoth Dhobhair, Dún na nGall 
  • 17 Bealtaine: Ionad Ealaíon Linenhall, Caisleán an Bharraigh 
  • 21 Bealtaine: Axis Baile Mhunna, Baile Átha Cliath 
  • 23-24 Bealtaine: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste. 
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.