
Tá Mark O’Connor ar dhuine díobh siúd a chuir ar bun an Cork Dragon Boat Club, club iomartha as an ngnách. Is beag nach curfá na focail sin dá chuid ag na céadta ar fud na hÉireann atá ina mball de chlub bád dragain; fir agus mná a théann amach gach seachtain ar locha, ar aibhneacha agus ar an bhfarraige i mbun spórt faoi leith.
Is é an difríocht idir na céaslóirí seo agus daoine i ngach cineál club céaslóireachta eile, gur tháinig ailse ar an saol ag an uile dhuine acu, go díreach nó go hindíreach.
I gclár suntasach faisnéise (Dragon Hearts) ar RTÉ 1 agus ar Sheinnteoir RTÉ Dé Luain seo an 21 Aibreán ag 6:30 pm, buailtear leis an iliomad duine a bhfuil tosaithe acu ar an spórt seo le blianta beaga anuas. Buailtear bóthar as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill, Ceatharlach, Sligeach, Maigh Eo agus Corcaigh go bhfeictear gnáthdhaoine a tarraingíodh le chéile mar gheall ar dhrochscéala agus an spórt faoi leith seo ina cheangal eatarthu anois.
Cineál ársa spóirt an rásaíocht bád dragain atá á chleachtadh sa tSín le dhá mhíle bliain agus níos mó. Tá sé anois ar cheann de na cineálacha spóirt uisce is mó a bhfuil borradh faoi ar fud an domhain. I rith na 1990í, chuir dream taighde i gCeanada suim ann mar spórt a bheadh go maith ag daoine tar éis ailse cíche; chonacthas gur neartaigh an spórt uachtar na colainne ag othair ailse cíche agus ag daoine a bhí ag teacht uaithe agus go ndearna sé maitheas síceolaíochta freisin agus don tsláinte go ginearálta.
Sa bhliain 2010 a cuireadh an chéad Chlub Bád Dragain in Éirinn ar bun i mBaile Átha Cliath. Feictear roinnt de na Plurabelle Paddlers ar Dragon Hearts, an chéad dream sin a thug faoin spórt sa tír seo, chomh maith le daoine as roinnt de na clubanna eile ar fud na tíre a tugadh chun cinn le deich mbliana anuas, ina measc na Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors i Sligeach, an Gráinne Mhaol Dragon Boat Club i Maigh Eo agus na Donegal Dragons. Tá ceamaradóireacht álainn ann, ón aer anuas, ón uisce aníos agus eile, agus fir agus na mná na gclubanna seo á leanúint ar feadh séasúr iomlán traenála agus rásaíochta.
Téann siad san iomaíocht ag rásaí ar fud na tíre agus feictear bua agus cailliúint, spraoi, dua, díomá, bís agus sceitimíní. Feictear iad ag traenáil go dícheallach, ag rásaíocht go díocasach agus ag seasamh le chéile go dílis.
Is mór an ní gach buille céaslóireachta, ní hamháin maidir leis an mbád a thiomáint chun cinn ach maidir le sárú ailse cíche ag gach uile dhuine de na céaslóirí féin. Clár faisnéise croíúil Dragon Hearts nach faoi spórt agus rásaíocht amháin é, ach faoi theacht slán, maireachtáil go beo beathach agus bisiú le barr brí – fiú nuair is géire cás an duine.