Cathal Ó Murchú

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Dealbha i gcuimhne ar an nGorta Mór i mBaile Átha Cliath
Grianghraf: William Murphy/Flickr

Tá stair fhada ag muintir na hÉireann le himirce, agus tá an diaspóra Éireannach ar cheann de na pobail is mó agus is scaipthe ar domhan.  Meastar go bhfuil suas le 80 milliún duine ar fud na cruinne a bhfuil gaol éigin acu le muintir na hÉireann nó leis an tír féin, cé nach bhfuil ach timpeall ar sheacht milliún duine ina gcónaí in Éirinn inniu. Tráth dá raibh, sa bhliain 1841, bhí breis is 8 milliún duine in Éirinn.  Tá an diaspóra lonnaithe i ngach cearn den domhan, go háirithe i dtíortha cosúil leis na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, an Bhreatain agus an Nua-Shéalainn, chomh maith le tíortha eile nach labhraitear Béarla ionta ar nós na hAirgintíne, Mheicsiceo, thíortha mhór-roinn na hEorpa agus eile.

Thosaigh na gluaiseachtaí móra imirce Éireannacha le linn an 19ú haois, go háirithe i ndiaidh an Ghorta Mhóir (1845–1852), nuair a fuair níos mó ná milliún duine bás agus chuaigh os cionn milliún eile ar imirce. Lean an t-eisimirce ar aghaidh sna blianta ina dhiaidh sin, de bharr coilíneachais, bochtaineachta, dífhostaíochta agus deiseanna níos fearr thar lear. Bhí tionchar nach beag ag na himircigh seo ar an saol sna tíortha a ndeachaigh siad chucu, go háirithe i Meiriceá, áit a raibh Éireannaigh i mbun gnó, polaitíochta, oideachais agus na meán cumarsáide, an tír ina bhfaightear an líon is mó daoine a bhfuil bunús Éireannach acu, thart ar 40 milliún. Den chuid is mó lonnaigh na Gaeil sna cathracha móra, áiteanna a raibh fostaíocht ar fáil do dhaoine ar an ngannchuid. Níor cuireadh fáilte rompu nuair a chuaigh siad go Meiriceá agus go Ceanada ar dtús mar gheall ar an bhfrith-Éireannachas agus an frith-Chaitliceachas a mhair i measc coilínigh Phrotastúnacha Angla-Mheiriceánacha a bhí ann roimhe.

Sa lá atá inniu ann tá ról suntasach ag an diaspóra i gcultúr agus i ngeilleagar na hÉireann. Tugann cuid mhaith dóibh tacaíocht d’Éirinn trí infheistíocht, trí thurasóireacht, agus trí nascadh le cultúr agus traidisiúin na hÉireann, fiú glúine tar éis na himirce. Tá cláir rialtais ann, cosúil le hÉire Dhomhanda, chun ceangal a chothú idir Éire agus an diaspóra, agus chun cur le tuiscint ar an tábhacht a bhaineann le pobal na hÉireann thar lear.  Tá ról nua-aimseartha ag an diaspóra freisin maidir le cúrsaí polaitiúla agus sóisialta. In ainneoin nach bhfuil an chuid is mó díobh i dteideal vótála in Éirinn, bíonn a dtuairimí le cloisteáil, agus bíonn siad gníomhach i gcur chun cinn ceart, comhionannais agus leas na hÉireann ar leibhéal idirnáisiúnta.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cén fath a bhfuil diaspóra na hÉireann chomh mór sin?
  2. Cén tionchar a bhí ag an nGorta Mór ar an imirce?
  3. Luaigh dhá thír inar lonnaigh cuid mhór Éireannach.
  4. Conas a chabhraíonn an diaspóra le hÉirinn fós sa lá atá inniu ann?
  5. Cad é an clár Éire Dhomhanda agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.