Beidh Deireadh Seachtaine Gaeilge bliaintúil á réachtáil ag Iowa Irish Language and Culture, LLC, grúpa eagraíochtaí deonacha atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge, in Coe College, Cedar Rapids, Iowa, idir an 20 agus an 22 Meitheamh 2025.

Beidh ranganna Gaeilge ar fáil ag gach leibhéal, ón mbunleibhéal go dtí an t-ardleibhéal, á múineadh ag Gaeilgeoirí líofa dúchasacha. Beidh na foghlaimeoirí tumtha sa Ghaeilge, agus fiú lasmuigh d’am ranga beidh ceol, cluichí, agus gníomhaíochtaí ann chun cuidiú leis na daltaí Gaeilge a fhoghlaim.
Seo an seachtú bliain atá an t-imeacht seo ar bun, agus is mór an tsuim atá ag iardhaltaí ann cheana féin. Dúirt Wayne Ó Seanáin, stiúrthóir agus comhbhunaitheoir na ceardlainne, go raibh sé an-sásta leis an tsuim atá léirithe ann chomh luath seo. “Tá daoine ar bís le teacht ar ais chugainn. Bhain siad an-taitneamh as an gcúrsa roimhe seo, agus tá siad ag tnúth le tabhairt faoi arís”, arsa Ó Seanáin. “Léirigh na blianta roimhe seo dúinn go bhfuil an-spéis sa Ghaeilge sa Mheániarthar, agus táimid ag súil go mór go leanfaidh an t-imeacht seo ar aghaidh sa todhchaí”.
Is ainm comhchoiteann é “Iowa Irish Language and Culture, LLC” ar thrí ghrúpa in Iowa atá tiomnaithe do spreagadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe. Tá siad lonnaithe in Des Moines, Cedar Rapids, agus Waterloo, agus eagraíonn siad ranganna Gaeilge rialta. Oibríonn siad chomh maith i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla den chultúr Gaelach, stair, ceol, agus rince ina measc, agus glacann siad páirt in imeachtaí dá leithéid san Iowa Irish Fest.
Tá costas $160 ar na ranganna, bia san áireamh, agus $50 ar loistín gach oíche.
Tá breis eolais ar fáil ar an leathanach ócáide Facebook, agus is feidir clarú ar líne.