Déan Éadaí a Thabhairt ó Leac do Dhorais: Scéim tabhartais inrochtana ‘PostBack’ seolta ag Oxfam Ireland agus ag An Post

Seoladh an tionscnamh ais-seolta atá airdeallach ar an gcomhshaol ‘PostBack’ ina leagtar béim ar an bpobal agus ar inrochtaineacht, go hoifigiúil le déanaí.

Tá Oxfam Ireland agus An Post ag obair as lámha a chéile chun borradh a chur faoina gcomhthionscnamh nua, ‘PostBack’. Déanfaidh an scéim níos éasca é ná mar a bhí sé riamh ar dhaoine ar fud na hÉireann a n-éadaí athláimhe a thabhairt agus tacú le hiarrachtaí chun le dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an neamhionannas i dtrí chéim: 

  • ULLMHÚ: Is féidir le custaiméirí mála tabhartais a ordú a saor in aisce ó shuíomh gréasáin Oxfam Ireland. 
  • PACÁIL: Líon an mála leis na héadaí nach dteastaíonn uait a thuilleadh. 
  • POST: Iarr go mbaileoidh An Post an mála ó leac do dhorais NÓ is féidir leat é a fhágáil ag oifig an phoist is gaire duit agus ní ghearrfar táille ort i gcás ar bith. 

Meastar go mbaineann 63,000 tonna de theicstílí líonadh talún amach gach bliain in Éirinn. Creideann Oxfam Ireland gur bealach simplí agus láidir chun dul i ngleic leis an gcliseadh ar an aeráid é éadaí a athúsáid agus a dheisiú. Cruthaítear 10% de na hastaíochtaí carbóin domhanda sa tionscal faisin, agus spreagann an mearfhaisean rótháirgeadh agus dramhaíl agus déanann sé díobháil don chomhshaol. 

Trí chur leis an ngeilleagar ciorclach, laghdaímid an gá atá le táirgeadh atá dian ar acmhainní. Gné ríthábhachtach d’obair Oxfam i dtreo dul i ngleic le neamhionannas agus leis an mbochtaineacht é tacú le pobail ar fud na cruinne atá ag déileáil le tionchar tubaisteach na géarchéime aeráide. 

Tá Oxfam Ireland agus An Post tiomanta do dheiseanna a chruthú gach lá do thomhaltóirí chun saol níos inbhuanaithe a mhaireachtáil, a dhéanann an comhoibriú breá éasca ar mhaithe le cothromas sóisialta. Tá tiomantas gan staonadh againn ag Oxfam Ireland d’athúsáid, agus cothaíonn na málaí tabhartais poist inbhuanaithe an tiomantas sin. Tá pacáistiú PostBack in-athchúrsáilte agus in-athúsáidte agus tacaíonn sé sin go mór lenár spriocanna comhshaoil trí chéile. Chun níos mó a fhoghlaim faoinár scéim nó chun do mhála tabhartais a ordú, téigh go dtí www.oxfamireland.org/postback

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.