Trasna

1.  Duine atá ag iarraidh gan aon baint le rí rá nó rud bíonn sé ... (2, 1 agus 10) 
6. Drantán nó fearg (4)
8. Bíonn an oiliúint seo de dhíth chun teanga a mhúineadh i gceart do leanaí (ginideach) (13)
12. Ní raibh poblachtaigh sásta an mhóid seo a thabhairt do Rí Shasana (5 agus 10)
15. Fáilteach (5)
16. Rud nach bhfuil ar eolas ag gach duine (3)
17. Rud a choimeádann te tú (4)
19. Sceimhle (7)
22. Gar (2 agus 4)
23. Genoa, Flórans, Milano, an Róimh, etc. (2 agus 6)
24. Maith (réimír) (3)
25. Taitneamhach nó barrúil (3)
26. Scata ag teach le chéile chun ábhar a phlé (8)
31. Duine a theagascann (9)
32. Clúmhilleadh (8)
36. An tAire Dlí agus Cirt (6 agus 12)

Síos

1.  Mo chreach is mo bhrón (4) 
2. An fharraige is mó ar domhan (2, 7 agus 5)
3. Cá fhad: giorrú air seo (3)
4. Tiománaí an charbaid (3)
5. Drochbhéasach (12)
6. Beirt (3)
7. Gliondar (6)
9. Tarlaíonn sé arís agus arís: tarlaíonn sé go _ _ _ _ _ (5)
10. Rud arbh fhéidir leis dul faoi thine go héasca (7)
11 Iliomad éan ag eitilt le chéile (5)
13. Meath (7)
14. Téann sé timpeall is timpeall chun an meaisín a bhogadh (4)
18. Rinne Íosa a chéad cheann ag bainis i gCána, sa Ghailíl (5)
19. Duine a leanann an Tórá (6)
20. Amadán (6)
21. Curfá (8)
23. An chéad uimhir (3)
24. An dara rith sa stiléireacht (7)
25. Cruatan (4)
27. An brú a úsáideann folúsghlantóiri chun salachar a thabhairt isteach (5)
28. Muc bhaineann (5)
29. Rud nach bhfuil tirim ach bhfuil ró-fhliuch ach oiread (4)
30. Bandia Éigipteach (4)
33. An uirlis a d’úsáid Lizzy Borden ar a a tuismitheoirí bochta, mas fíor (3)
34. Uisce beatha: -_ _ _ na heorna (3)
35. Riachtanas (2)

Freagraí ar Crosfhocal #24

TRASNA: 6. Triuf 9. Maothán Cluaise 10. Ainle 11. Cúigleálaí 12 Altra 13. Luach 15. Áith 17. Imleathan 20. Póga 21. Mias 23. Naímharú 25. Tarbh 26. Cosc 28. Ungáire 30. Úra 31. Aoir 32, Cos 36 Ceap magaidh 37. Abhóg 38. Onfais 39. An Scairbh
SÍOS - 1. Danú 2. Stág 3. Sneách 4. Cliabhán 5. Biseach 6. Teastas 7. Innealtóireacht 8. Freasúra 11. Cillian Ó Murchú 14. Allaíre 16. Tim 18. Athrú 19. Amú 22. Stiúrthóra 24. Cor 26. Cinsire 27. Seachain 29. Garg 33. Smeach 34. Salán 35. Smuga
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.